Seoladh Ár dTéarmaí Féin agus Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana 3 Deireadh Fómhair 2014 – Posted in: Gan chatagóir

An Dr Conchúr Mag Eacháin agus an tOll Ruairí Ó hUiginn

Oíche stairiúil a bhí ann Déardaoin 2 Deireadh Fómhair 2014 sa mhéid is gur seoladh ní hamháin leabhar tábhachtach amháin ar théarmeolaíocht na Gaeilge ach dhá leabhar ar an ábhar seo. Bhailigh thart ar céad duine i láthair sa Halla Mór i bhForas na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean le héisteacht leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad,  labhairt faoin dá leabhar agus iad a sheoladh go hoifigiúil. 
An dá leabhar a bhí i gceist ar ndóigh ná Ár dTéarmaí Féin le Fidelma Ní Ghallchobhair, iar-Phríomh-Théarmeolaí i bhForas na Gaeilge leis an gCoiste Téarmaíochta agus Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana le Conchúr Mag Eacháin a rinne taighde iar-dhochtúireachta in Ollscoil na hÉireann, BÁC agus atá ag obair in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair. Bhí an t-aos léinn agus saineolaithe idirnáisiúnta téarmaíochta ón bPortaingéil, ón nDanmhairg agus eile i láthair agus aon duine ar spéis leis nó léi focail – ina measc roinnt de scríbhneoirí móra ár linne. 
Is féidir Ár dTéarmaí Féin a cheannach anseo >>
Is féidir  Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana  a cheannach anseo >>
« Aoi-bhlag Alex Hijmans – Dúshláin a bhaineann le scríbhneoireacht i nGaeilge
‘An colm bán’ le Liam Ó Muirthile – rogha maith do chlub leabhar! »