Seoladh albaim ‘Within a Mile of Kilty 2’ 24 Márta 2022 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: Ceol CIC
Seoladh albam nua
Tá fáilte roimh chách chuig ócáid atá á heagrú chun an t-albam nua Within a Mile of Kilty 2: Traditional Irish Music from North Leitrim a sheoladh go hoifigiúil ag Johnny Óg Connolly.
Is iad na ceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam ná John Gordon, Ben Lennon, Charlie Lennon, Brian Rooney, Maurice Lennon, Seamus Quinn and Brian Lennon agus tá an t-albam foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.
Dáta | Ionad | Am:
Beidh an seoladh ar bun i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe ar an Déardaoin, 21 Aibreán, 2022 ag 7:00 i.n.
Within a Mile of Kilty 2
Is baile beag é Coillte Clochair i dtuaisceart Chontae Liatroma. Tá sé lonnaithe ar theorainn Chontaetha Liatroma agus Fhear Manach agus níl ann ach daonra beag, timpeall 150 duine.
Le ochtó bliain anuas, tháinig scata ceoltóirí Gaelacha ar leith as an mbaile beag teorainneach seo agus as na ceantair máguaird. Tá na stíleanna a chuirtear i láthair sa dara bailiúchán seo chomh héagsúil agus dá mba as gach cearna na hÉireann do na ceoltóirí. Tá snáithe ann, áfach, a nascann le chéile a gcuid ceoil beag beann ar an raon mór aoiseanna atá ag na ceoltóirí éagsúla, ceoltóirí a rugadh ó na 1920í go dtí na 1960í. Nuair a foilsíodh an chéad chnuasach sa mbliain 2005 ní raibh ach duine amháin de na ceoltóirí, John Gordon, imithe ar shlí na fírinne ón mbliain 2002. Faraor, bhásaigh ceoltóir iontach eile atá le cloisteáil anseo, Ben Lennon, sa mbliain 2020.
Is bailiúchán taifeadtaí leis na ceoltóirí seo atá sa dlúthdhiosca seo, iad taifeadta thar an seasca bliain seo caite – cuid acu sa stiúideó, cuid eile acu sa mbaile.