Seoladh Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith 6 December 2023 – Posted in: Book launch – Clibeanna: ,

CUIREADH

Seoladh Leabhair

 

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4,

 

Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith

in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne

 

Aoichainteoirí

Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe

Cathaoirleach: Susan Folan, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

 

Stiúideo Cuan

an Spidéal,

Déardaoin, 14 Nollaig ag 7:00 i.n.

 

Ó bunaíodh an stát bhí trácht ar bhuanú agus neartú na Gaeltachta a bheith mar chúram ar eagras faoi leith. Ar feadh i bhfad, ghéill an dea-rún don tsiléig, nó gur cuireadh Gaeltarra Éireann ar bun i 1958, le forbairt a dhéanamh ar sheantionscail tuaithe agus ar thionscail nua sa Ghaeltacht. I bhfad na haimsire mhéadaigh ar réimse oibre Ghaeltarra. Ach ó dheireadh na seascaidí bhí foras níos cumhachtaí agus níos cuimsithí – le gné láidir dhaonlathach – á éileamh ag ceannasaí pobail sa Ghaeltacht. De thairbhe an éilimh sin bunaíodh Údarás na Gaeltachta, tionscnamh eisceachtúil chun mórspriocanna sóisialta agus cultúrtha an stáit a bhaint amach.

Na hEagarthóirí

GEARÓID Ó TUATHAIGH Ollamh emeritus le stair in Ollscoil na Gaillimhe. Neart foilsithe aige ar chúlra staire an athraithe teanga in Éirinn agus ar chás na Gaeltachta é ina chomheagarthóir ar Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhá’ (2000).

BREANDÁN MAC SUIBHNE Staraí in Ollscoil na Gaillimhe, stiúrthóir léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ú∂ar ‘The End of Outrage’ (2017), ina eagarthóir le David Dickson, ar shaothar le Hugh Donan, ‘The Outer Edge of Ulster’ (2000, 2001).

 

 

« Uaireanta oscailte Chló Iar-Chonnacht i rith na Nollag
Seoladh Súile Éisc agus Scéalta Eile le Michelle Nic Pháidín »