Seimineár Bhreandáin Uí Eithir 14 Meán Fómhair 2021 – Posted in: Nuacht, Seimineár – Clibeanna: Breandán Ó hEithir
Tabharfar athchuairt chriticiúil ar scríbhinní agus saothar Bhreandáin Uí Eithir (1930-1990) ag seimineár fíorúil lae Dé hAoine, an 24 Meán Fómhair 2021, atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le OÉ Gaillimh.
Glacfaidh deichniúr taighdeoirí, saineolaithe agus tráchtairí páirt sna himeachtaí i gcaitheamh an lae: Mártan Ó Ciardha; Chris McCann; Aoife Whelan; Pádhraic Ó Ciardha; Brian Ó Conchubhair; Alan Titley; Póilín Ní Chiaráin; Tomás Mac Con Iomaire; Mairéad Conneely agus Cathal Goan.
Beidh béim ar leith sna léachtaí ar na húrscéalta Lig Sinn i gCathú agus Sionnach ar mo Dhuán agus scrúdófar na téamaí seo i scríbhinní agus saothar Uí Eithir le linn an tseimineáir agus mar dhlúthchuid de phlé painéil i ndeireadh an lae:
- iriseoireacht spóirt
- ceist na Gaeltachta
- litríocht Árann
- saothar raidió
- colúnóireacht, tuairisceoireacht agus tráchtaireacht pholaitiúil
Beidh an seimineár á reáchtáil idir 1000-1600 ar an ardán Zoom. Beidh saorchead isteach don lucht freastail agus beidh fáilte roimh chách.
Is féidir freastal ar na himeachtaí ach gliogáil ar an nasc seo:
https://us02web.zoom.us/j/86850756988
Is é paschód an tseimineáir: 208627
Tá an seimineár seo á reáchtáil le tacaíocht na Comhairle Ealaíon. Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht cnuasach aistí a fhoilsiú bunaithe ar imeachtaí an tseimineáir.
Dúirt Micheál Ó Conghaile, Iar-stiúrthóir CIC:
‘Scríbhneoir neamhghnách ab ea Breandán Ó hEithir: is iomaí cineál scríbhneoireachta a shaothraigh sé agus tá corpas mór ar fáil dúinn nach bhfuair a cheart criticiúil go fóill. Tá súil againn léitheoirí nua a chur i dtreo na scríbhinní éagsúla agus spreagadh a thabhairt don aos critice léamh úr a dhéanamh ar fhairsinge agus leithead na seánraí a chleacht sé.’
Dúirt Dónall Ó Braonáin, OÉ Gaillimh:
‘Mórpheasa é Breandán Ó hEithir i saol na hiriseoireachta Gaeilge agus is tráthúil go ndéanfar scrúdú nua as an bpíosa ar a shaothar neamhfhicsin, a chuid tráchtaireachta agus an obair cheannródaíoch raidió a rinne sé i gcaitheamh a shaoil.’
CLÁR
Scríbhinní agus Saothar Bhreandáin Uí Eithir
Seimineár Gréasáin
24 Meán Fómhair 2021
Seisiún 1: 1000-1130
| 1000 | Focal Fáilte: Ruairí Ó hEithir |
| 1020 | Mártan Ó Ciardha: Over the Bar |
| 1045 | Chris McCann: ‘Amhrán na bhFiann’ agus an paca asal: ceol, cuimhne, agus coimhlint in Lig Sinn i gCathú |
| 1110 | Ceisteanna/plé
|
Seisiún 2: 1200-1315
| 1200 | Aoife Whelan: ‘Ficheall focal’: Colúnaíocht Bhreandáin Uí Eithir ar pholaitíocht na hÉireann |
| 1225 | Pádhraic Ó Ciardha: Iománaí ar Chlaí na Polaitíochta 1979-1990 |
| 1250 | Ceisteanna/plé
|
Seisiún 3: 1330-1430
| 1330 | Brian Ó Conchubhair: Misteach an Mheitificsin: Sionnach ar mo Dhuán agus Lig Sinn i gCathú |
| 1355 | Alan Titley: ‘Bréantas mífholláin’: Sionnach ar mo Dhuán tar éis breis agus tríocha bliain |
| 1420 | Ceisteanna/plé
|
Seisiún 4: 1445-1600
| 1445 | Painéal plé faoi chathaoirleacht Phóilín Ní Chiaráin Mairéad Conneely: An Aran Reader – Tábhacht agus Tionchar Cathal Goan: Breandán Ó hEithir agus ‘An Ghaeltacht Inniu’ Tomás Mac Con Iomaire: Breandán Ó hEithir agus Raidió na Gaeltachta
|
| 1530 | Ceisteanna/plé oscailte |
| 1545 | Clabhsúr Micheál Ó Conghaile, Iar-Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht |
Cainteoirí
Colúnaí spóirt le Tuairisc.ie agus iar-Eagraí Spóirt le Raidió na Gaeltachta é Mártan Ó Ciardha.
Tá taighde dochtúireachta ar an gceol mar chiúta i litríocht na hÉireann á thabhairt chun críche ag Chris McCann in OÉ Gaillimh, arna mhaoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn.
Tá an Dr Aoife Whelan ina cheann ábhair sa Léann Éireannach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Craoltóir agus iar-Leascheannasaí TG4 é Pádhraic Ó Ciardha, cathaoirleach reatha Ghael Linn.
Ollamh Comhlach le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge is ea Brian Ó Conchubhair in Ollscoil Notre Dame, Indiana.
Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley ar Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge é i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Iriseoir le Tuairisc.ie agus Raidió na Gaeltachta í Póilín Ní Chiaráin.
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste San Aingeal, Sligeach, í an Dr Mairéad Conneely.
Iriseoir agus iar-cheannaire ar Raidió na Gaeltachta é Tomás Mac Con Iomaire.
Taighdeoir, léiritheoir agus iar-phríomhstiúrthóir RTÉ is ea Cathal Goan.




