Seán Ó Cuirreáin and his new book, Éagóir 11 May 2015 – Posted in: Uncategorised
Éagóir le Seán Ó Cuirreáin – le foilsiú in 2016!
Foilseoidh Cois Life leabhar le Seán Ó Cuirreáin in 2016. Insint líofa léir a bheidh in Éagóir ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.
Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Níl críoch fós le hiarmhairtí an tsléachta sin agus ní bheidh fad a mhaireann daoine a chreideann go bhfuil admháil oifigiúil tuillte i gcónaí i gcás go n-aithnítear éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais.
This accomplished narrative is enhanced by historical images and official records, many of which are published here for the first time.