Séadna (Cois Life, 2011) 12 Meitheamh 2011 – Posted in: Gan chatagóir

Agallamh le Maighréad Uí Lionáird faoi Séadna

Agallóir: Liam Ó Muirthile

Ceann de bhunchlocha próis na Nua-Ghaeilge é Séadna. Is é an leagan coimrithe is mó ar fad atá léite ag an bpobal coitianta, mar leabhar scoile tráth, agus gean ag na glúnta ar scéal an ghréasaí bróg a dheineann margadh leis an bhFear Dubh.

Ach nochtaítear sa leagan iomlán seo, léargais bhreise ó bhonn ar líonra carachtar, ar chomhluadar tuaithe agus a meon saolta, ar an anamúlacht agus ar an gcroíúlacht úd i measc mhuintir na hÉireann a bhíonn ceilte i dtráchtais staire agus liteartha, go deimhin, agus a shíneann siar agus síos isteach go domhain ina gcultúr coiteann.

Ceann de na buntréithe a bhaineann le saothar a dtugaimid clasaic air, mar is ea Séadna, go soláthraíonn sé slat tomhais dúinn chun gnéithe den saol reatha a mheas faoi scáth na gclaochluithe atá tarlaithe idir an dá linn, de thoradh an tsaothair sin féin go minic.

Fúinn féin atá san.

Tá an t-eagrán seo mar aon le réamhrá cuimsitheach cóirithe ag an Ollamh Liam Mac Mathúna. Tá closleabhar den leagan iomlán de Séadna, agus é á léamh ag Maighréad Uí Lionáird, á fhoilsiú ar leith ag Cois Life comhuain leis an leabhar.

 

« Séadna (Cois Life, 2011) – Éist agus Léigh!
An Dragan Feasa – Rhiannon Watson le léaráidí le Olivia Golden (2011) »