Guest-blog by Alex Hijmans – Polish and deletion 16 July 2014 – Posted in: Guest blog

When editing a first draft, cut away the dead wood to make space for new growth, Alex Hijmans writes in the seventh episode of his monthly guest blog on creative writing.

Tá dóthain ama caite ag do chéad dréacht ar an gcarn múirín. Tá sos tugtha agat do mhatáin do mheabhrach. Tá sé in am dul i mbun eagarthóireachta.

Measaim go bhfuil an-chosúlacht idir an scríbhneoir atá i mbun eagarthóireachta agus dealbhadóir. Is ionann an chéad dréacht agus cloch lom, éagruthach: teastaíonn siséal géar chun fíorchruth an scéil a nochtadh.

 

Schrijven is schrappen’, a mhaíonn nath cainte i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris: ‘is ionann scríobh agus scriosadh amach’. Tá ciall leis sin ach go háirithe in aois seo na scáileán beaga agus na dteachtaireachtaí beachta: ní bhíonn foighid ag léitheoirí an lae inniu le scéalta atá tite i bhfeoil, mar a bhi, abair, sa Naoú hAois Déag. Ní ionann sin ar ndóigh agus a rá go gcaithfear búistéaracht a dhéanamh ar an gcéad dréacht. Tá siséal géar tábhachtach, ach tá súil ghéar níos tábhachtaí.

Céard é an cur chuige is fearr chun idirdhealú a dhéanamh idir fuíoll agus fiorscéal, idir dríodar agus draíocht? Arís, tá comhairle ag an dealbhadóir don scríbhneoir. Aimsíonn dealbhadóir cliste cruth garbh a shaothair – an ceann,  an cliabhrach, na cosa – sula ndíríonn sé ar mhionsonraí ar nós na n-ingne agus maothán na cluaise. Ar an gcaoi céanna, ní mór don scríbhneoir cinntí a dhéanamh faoi chaibidlí, faoi charachtair agus faoi scéal-línte sula dtéann sé i ngleic le habairtí aonair, le haidiachtaí agus le dobhriathra.

Ach cén chaoi a ndéantar na cinntí sin? Tá módh oibre réasúnta simplí agam féin. Sula ndéanaim rud ar bith eile, léim tríd an gcéad dréacht ó thús deireadh. Áit ar bith a mothaím nach bhfuil m’aird go hiomlán ar an scéal agus mé ag léamh, bím san airdeall: muna mbíonn spéis agam féin sa mhéad atá scríofa agam, drochsheans go mbeidh ag éinne eile.

Agus an chéad dréacht léite ó thús deireadh agam, bainim amach nócha-naoi faoin gcéad de na sleachta nach gcuireann an scéal ar aghaidh. Go minic, is cur síos fadálach a bhíonn sna sleachta seo: mioneolas a theastaigh uaimse chun suíomh nó carachtar a chruthú i m’intinn féin ach nach dteastaíonn ón léitheoir chun an scéal a leanúint. Bíonn scéal maith cosúil le meall oighir: ní fheiceann tú ach cuid bheag bhídeach de, ach tuigeann tú go bhfuil an chuid eile ann, faoi uisce, nó i gcás scéil, idir na línte.

Is beag nach ndéanfá dearmad, de bharr na cainte seo ar fad faoi ghearradh agus scriosadh amach, gur tréimhse fháis atá san eagarthóireacht freisin. Is iomaí uair a tháinig carachtar nua nó casadh nua chugam agus mé i mbun eagarthóireachta ar scéal. Ach, ach an oiread le craobhacha nua ar chrann, caithfear seanfhás a bhaint chun fás nua a spreagadh.

Athléamh agus athscríobh, scrios agus snas: próiseas casta atá san eagarthóireacht gur gá am agus dua a chaitheamh leis. Eisceachtaí fágtha as an áireamh, is iomaí babhta eagarthóireachta a theastaíonn ó scéal lena thabhairt chun foirfeachta. De réir a chéile, athraíonn an fócas: go hiondúil, breathnaím ar an scéal ina iomláine ar dtús, ar gach sliocht faoi seach ina dhiaidh sin agus ina dhiaidh sin arís ar abairtí agus ar fhocail aonair. Nuair nach n-athraíonn a dhath le linn bhabhta eagarthóireachta ach an phoncaíocht, bíonn a fhios agam go bhfuil an scéal tugtha chomh fada agam agus gur féidir liom é a thabhairt sula mbreathnaíonn an dara duine air.

Ní nach ionann agus an draíocht a bhaineann le scríobh an chéad dréachta, is scil í an eagarthóireacht gur féidir a fhoghlaim agus a fhorbairt. An mhí seo chugainn, breathnóimid ar ghnéithe éagsúla na ceirde seo.

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life.  Is féidir iad a cheannach anseo>>

« Guest blog with Alex Hijmans – Rules and tools of the craft
Guest-blog by Alex Hijmans – The daily job on the long finger »