Scéim Scríbhneoir Cónaithe Baile na Gaeilge ag Áras na Scríbhneoirí Gaeilge 9 Meán Fómhair 2020 – Posted in: Nuacht
Is am eisceachtúil é seo agus tá cursaí ag baint leis a chruthaíonn deacrachtaí d’ealaíontóirí a gcuid saothar a fhorbairt. Tá ealaíontóirí faoi bhrú saothar a chruthú, ag am a bhraitear go bhfuil sé sin dodhéanta. Tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag lorg iarratais ó Scríbhneoirí Gaeilge chun páirt a ghlacadh i scéim cónaithe.
Tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag fógairt babhta nua de scéim na Scríbhneoirí Cónaithe Baile, atá deartha le tacaíocht airgeadais a sholáthar do scríbhneoirí roghnaithe, agus le machnamh a dhéanamh ar cad atá i gceist le bheith i d’ealaíontóir sa lá atá inniú ann. Aidhm na deise seo ná tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí agus iad ag fiosrú na ndeacrachtaí a bhaineann le saothar a chruthú le linn na tréimhse seo, agus a bpróiseas a roinnt le pobal níos leithne. Ba mhian leo beirt Scríbhneoirí Cónaithe Baile na Gaeilge a cheapadh.
Ar feadh tréimhse dhá sheachtain, déanfaidh an bheirt scríbhneoirí a roghnófar taifead ar a gcuid cleachta chruthaithigh agus iad ag forbairt saothar a bheidh idir lámha acu cheana féin, cibé acu úrscéal, gearrscéal, aiste phearsanta, nó rud éigin eile a bheidh i gceist.
SPRIOCLÁ: 5 Deireadh Fómhair, 2020
Tá gach eolas faoin scéim ar fáil ar shuíomh idirlín Áras na Scríbhneoirí Gaeilge ag an nasc seo.