Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: I measc na dTeifeach 15 Meán Fómhair 2016 – Posted in: Aoi-bhlag, Údair
I measc na dteifeach
An scéal ba thruamhéalaí dar chlúdaigh mé ariamh ab ea tragóid na dteifeach Curdach a d’imigh ón Iaráic go luath sa bhliain 1991 chun éalú ón ionsaí fíochmhar a bhí á dhéanamh orthu ag an ndeachtóir Saddam Hussein. Cuireadh tús le Cogadh na Murascaille (an chéad cheann) i Mí Eanáir na bliana sin agus, le spreagadh ón Uachtarán George Bush Sinsearach, d’éirigh na Curdaigh amach i gcoinne Saddam. Ach thóg na Meiriceanaigh cinneadh gan dul chomh fada le Baghdad agus fágadh na Curdaigh i bponc dá bharr san. B’éigean do thart ar dhá mhilliún díobh dul ar a gcoimeád go dtí tíortha eile máguaird, an Tuirc agus an Iaráin ach go háirithe.
Ag tús mhí Aibreáin, d’iarr The Irish Times orm an scéal a chlúdach ar an dtalamh. Bhí an oiread de dheifir orm nach bhfuair mé aon instealladh réamchúraim ná piollairí le galar tromchúiseach a sheachaint. Fuair mé eitilt go dtí cathair Ankara agus ansin thaisteal mé ar aghaidh go dtí an teorainn idir an Tuirc agus an Iaráic, ait a raibh campa mór ag na teifigh, gar do sráidbhaile ar a dtugtar Cukurca (le fuaimniú mar ‘Chuk-urja’).
Fís ifreannda a bhí os mo chomhair. Bhí an aimsir uafásach fuar agus an bháisteach ag titim go trom. Ní raibh dóthain puball ar fáil do na teifigh agus bhí daoine ag iarraidh dul a chodladh faoi bhraillíní plaisteacha nó blaincéid a bhí crochta suas ar phollaí acu. Bhí mianaigh talún faoi cheilt timpeall na háite a phléasc ar dhaoine a bhí ag bailiú adhmaid don tine. Ní nach ionadh, bhí páistí ag fail bháis de bharr na droch-aimsire gach oíche.
Lá amháin sa champa, chonaiceamar thart ar ocht n-eitleán mór san aer os ár gcionn. Ní raibh marcanna orthu a bhain le haon tír ar leith – bhíomar ag smaoineamh ar na Meiriceánaigh. Scaoil siad amach boscaí móra troma lán d’ábhar cúnaimh do na teifigh ach bhí siad an-ghar don talamh. Bhí paraisiút ar gach bosca ach níor oscail siad in am. Bhí gach duine againn ag rith anseo is ansiúd leis na boscaí a sheachaint. Maraíodh ochtar duine sa champa. Ba léanmhar an t-amharc é.
Tar éis tamaill, thugas cuairt ar an Iaráin freisin le staid na dteifeach Curdach sa tír úd a fheiceáil chomh maith. Ar deireadh, shroich mé Baile Átha Cliath arís ach faoin am seo bhíos ag mothú an-tinn ar fad agus b’éigean dom dul isteach san ospidéal. Cheap an dochtúir agam ar dtús go mb’fhéidir go raibh calar orm ach ar ámharaí an tsaoil ní raibh ann ach dinnireacht Shigella agus tháínig feabhas orm sa deireadh. Bhí lá eile ag an bPaorach – murab ionann agus roinnt mhaith de na Curdaigh bochta amuigh sa Mheán-Oirthear ag an am.
——