Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Charles Haughey 6 Meán Fómhair 2016 – Posted in: Gan chatagóir

An rud is tábhachtaí le hagallamh ar bith ná go mbeadh duine spéisiúil agus nuachtúil le ceistiú agat. Ní gá go mbeadh sé nó sí ina naomh: ní bhíonn a leithéid i gcónaí spéisiúil, ná trathúil ach oiread!

Charlie Haughey

Is beag duine a déarfadh gur naomh ab ea Charlie Haughey ach ní fhéadfadh éinne a rá nach raibh sé spéisiúil agus nuachtúil. Sa leabhar nua agam, Cinnlínte, foilsithe ag an gcomhlacht Cois Life, tugaim cur síos ar agallamh eisiach a fuair mé le Cathal Ó hEochaidh sa bhliain 1984. Bhí sé fíor-dheacair orm an t-agallamh a fháil mar ní raibh caidreamh ró-iontach riamh idir an fhear céanna agus na meáin.

Bhí sé de nós agam piontaí a ól sa teach tábhairne Doheny & Nesbitt’s, atá gar don Dáil, agus b’ansin a chuir mé aithne ar P.J. Mara, an comhairleoir preasa agus urlabhraí ag Haughey. Dúirt Mara, a fuair bás tamall beag ó shin, go raibh ‘Charlie’ sásta labhairt liom faoina thréimhse mar aire rialtais sna seascaidí, sular briseadh as a phost é le linn Ghéarchéim na nArm i 1970. Cuireadh in iúl dom go neamhbhalbh nach raibh Haughey, a bhí mar cheannaire ar an bhfreasúra ag an am, sásta labhairt faoin ngéarchéim féin: ‘No aul’ Arms Trial shite now!’ Ach bhí a fhios agam dá bhfaighinn an t-agallamh go mbeadh scúp agam don *Irish Times* agus thóg mé cinneadh chun dul ar aghaidh ar an mbonn sin.

D’inis Haughey dom faoin gcaoi gur chuir sé deireadh le pionós an bháis, i mbeagnach gach cás, nuair a bhí sé mar Aire Dlí agus Cirt. Dar leis féin, ar a laghad, chuir sé brú ar an IRA chun stop a chur leis an bhfeachtas armtha a bhí ar siúl acu ó thuaidh ón bhliain 1956 ar aghaidh: chuir sé Cúirt Choiriúil Speisialta gan giúiré ar bun, le hoifigigh Airm mar bhreithimh. Thug sé cur síos dom ar an troid a bhí aige, mar Aire Airgeadais, leis an stáitseirbhís chun an córas saorthaistil do phinsinéirí a thabhairt isteach.

Thaispeáin sé an gairdín dom ag Abbeville, an teach galánta a bhí aige ar thuaisceart na cathrach, ach ní ró-shásta a bhí sé nuair a chuireas ceist air faoi conas mar a bhfuair sé an t-airgead leis an áit a cheannach: dar leis féin fuair sé praghas an-mhaith ar theach eile a bhí aige agus dá bharr san bhí d’acmhainn aige Abbeville a fháil.

Faoi láthair tá droch-cháil ar Charlie Haughey de bharr na dtuairiscí ó na binsí fiosrúcháin ar na cúrsaí pearsanta airgeadais aige. Táid ann, áfach, a déarfadh go raibh gnéithe níos dearfaí ag baint lena shaol polaitiúil agus gur chóir aird a thabhairt orthu siúd chomh maith. Ba chóir go mbeadh an cur síos ar an agallamh sa leabhar Cinnlínte mar ábhar spéise sa chomhthéacs sin.

 

 

« Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Brian Cowen
Pacáistí lascaine scoile ar 20% / Discount of 20% on school orders »