Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Brian Cowen 8 Meán Fómhair 2016 – Posted in: Gan chatagóir

An rud is tábhachtaí le hagallamh ar bith ná go mbeadh duine spéisiúil agus nuachtúil le ceistiú agat. Ní gá go mbeadh sé nó sí ina naomh: ní bhíonn a leithéid i gcónaí spéisiúil, ná trathúil ach oiread!

Brian Cowen

Táim an-bhuíoch den iar-Thaoiseach Brian Cowen atá chun an leabhar nua agam, Cinnlínte a sheoladh in Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath ar an 20ú lá de Mheán Fómhair. An fo-theideal atá ar an leabhar ná “Saol an Iriseora” agus sa dosaen caibidil atá ann tugaim cur síos ar eachtraí éagsúla a tharla le linn dom bheith ag tuairisceoireacht ar an nuacht sa bhaile agus i gcéin. Mar is nós le hiriseoirí, tugaim aird faoi leith ar scéalta a fuair mé féin ar bhonn eisiach, sula raibh an nuacht ag éinne eile. Ceann de na scéalta úd ab ea an réamheolas a tugadh dom go raibh an t-Uasal Cowen ar tí éirí as ceannaireacht Fhianna Fáil, cé nach n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach go dtí tar éis an olltoghcháin a bheadh le reáchtáil i gceann roinnt seachtainí.

Toghadh é mar Theachta Dála i dtosach sa bhliain 1984, thart ar an am céanna go rabhas féin ag tuairisceoireacht den chéad uair as Teach Laighean. Ach níor chuireas aithne cheart air go dtí gur cheap an Taoiseach Bertie Ahern é mar Aire Gnóthai Eachtracha ag tús an chéid seo. Bhíos féin ceaptha mar Chomhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha do The Irish Times thart faoin am céanna. Toghadh Éire mar bhall de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an bhliain dar gcionn agus b’éigean don Aire taisteal go dtí a lán tíortha dá bharr sin. Rinne mé féin tuairisceoireacht ar roinnt mhaith de na cuairteanna a thug sé thar lear.

An ceann ba dhrámatúla de na cuairteanna ab ea an turas a thug sé ar an Mheán-Oirthear i mí Mheán Fómhair 2001. Tugaim cur síos sa leabhar ar an gcaoi go raibh Cowen ar an mbóthar go Cathair Gaza ar an aonú lá déag den mhí sin nuair a bhris an scéal faoi na hionsaithe uafásacha ón aer ar Nua Eabhrac agus Washington. Bhíos féin i gcarr eile sa tsraith gluaisteán ag an am céanna agus is cuimhin liom gur cuireadh stop leis an dturas chun an cheist a phlé: ar chóir dul ar aghaidh le cruinniú a bhí eagraithe leis an gceannaire Palaistíneach Yasser Arafat? Rinneadh cinneadh leanúint ar aghaidh agus cuimhním fós ar an gcaoi go raibh beola Arafat ar crith le teann neirbhíse nuair a labhair sé féin agus Cowen leis na meáin tar éis an chruinnithe.


 

 

« Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: I measc na dTeifeach
Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Charles Haughey »