Ríomhleabhair Ghaeilge 25 Deireadh Fómhair 2010 – Posted in: Gan chatagóir
Tá a lán daoine tar éis ceisteanna a chur orainn faoi na ríomhleabhair atá déanta againn agus faoi na cinn eile atá beartaithe. Dá réir sin shocraíomar píosa gairid a scríobh faoi seo.
Táimid tar éis súil a choinneáil ar fhorbairt mhargadh na ríomhleabhar le cúpla bliain anuas agus is é an chúis is mó ar bheartaíomar tabhairt faoi ríomhleabhair anois ná gur tharla eachtra suntasach i lár na bliana: den chéad uair riamh – i lár na bliana seo – dhíol Amazon níos mó ríomhleabhar ná mar a dhíol siad cóipeanna crua de leabhair. Is dócha gur tharla se seo de thoradh ar roinnt tarlúintí: seoladh an iPad; na hathruithe feabhais a cuireadh ar an leagan is déanaí de kindle (an léitheoir láimhe a úsáideann Amazon); agus ar ndóigh an chuid eile den mhargadh atá faoin Sony Reader agus na ‘gutháin ghlice’.
Agus sin ráite, tá saol na leabhar trí chéile ag dul sa tseans leis seo, faoi mar a tharlaíonn go tráthrialte le teicneolaíochtaí nua – ar aghaidh linn! Is foilsitheoirí sinn ach is léitheoirí sinn freisin agus aithnímid gur buntáiste iontach atá ann gur féidir le duine dul ar líne agus leabhar a cheannach agus a bheith á léamh laistigh de chúpla nóiméad. Chífimid ar fad…