Guest blog with Alex Hijmans – Rules and tools of the craft 14 August 2014 – Posted in: Uncategorised

The editing process is where craft comes in: in this eighth episode of his monthly guest blog on creative writing, Alex Hijmans takes a look in the author’s toolkit.

Ní nach ionann agus an chéad dréacht, baineann rialacha leis an dara dréacht agus le gach uile dhréacht ina dhiaidh sin. Ceird is ea í an eagarthóireacht; seo sracfhéachaint isteach i mbosca uirlisí an scríbhneora.

Fear nó bean inste an scéil

An bhfuil an scéal á insint ag an duine ceart? Tá seo ar cheann de na chéad cheisteanna atá le freagairt ag an údar agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Uaireanta rithfeadh sé leat, ar athléamh an chéad dréachta duit, nach é an carachtar a bhí ar intinn agat ar dtús príomhcharachtar an scéil ar chor ar bith. n mbeadh an scéal ní b’fhearr dá bhfaighimis léargas duine de na carachtair eile? Seo an t-am leis an gcinneadh sin a dhéanamh.

An pointe féachana

An cinneadh sin déanta, is gá breathnú ar cheist atá fite fuaite leis: an pointe féachana. Is féidir dul ag argóint faoi theoiricí litríochta anseo, ach go hachoimreach, is féidir scéal a insint sa chéad phearsa agus sa tríú pearsa, agus is féidir leis an tríú pearsa a bheith uilefheasach má theastaíonn uait. Is féidir scéal a insint sa dara pearsa freisin (agus tá sé déanta, i nGaeilge, ag Pádraig Ó Siadhail san úrscéal Parthas na gCleas (Cló Iar-Chonnacht, 1991)) ach níl sé pioc coitianta.

Tá a bhuntaistí agus a laincisí féin ag baint le gach ceann de na pointí féachana seo. Níl spás sa bhlag seo chun iad sin a phlé go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: dá ghaire an pointe féachana d’aicsean an scéil, is ea is mine an léargas a thabharfaidh sé. Ar an gcaoi céanna, dá fhaide an pointe féachana ó aicsean an scéil, is ea is fairsinge an léargas.

An rogha déanta, caithfear cloí leis: tá botúin leis an bpointe féachana ar na cinn is tromchúisí gur féidir le scríbhneoir a dhéanamh.

Aimsir

An bhfuil an scéal á insint san aimsir cheart? Sin ceist eile a chaithfidh an t-údar a chur air féin agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Go hiondúil, insítear scéalta san aimsir chaite nó san aimsir láithreach; tagann an aimsir chaite go nádúrtha don scéalaí ach tugann an aimsir láithreach beocht bhreise don scéal. Ar ndóigh, is féidir babhtáil eatarthu, ach caithfear ciall a bheith le gach athrú.

Carachtar

Ní chuireann an scríbhneoir aithne cheart ar a chuid carachtar go dtí go mbíonn sé i mbun eagarthóireachta. Is ansin a thugann sé faoi deara cén dearcadh atá ag a charachtair ar an saol – agus má dhéanann sé a jab i gceart, úsáidfidh sé an t-eolas sin i ngach gné den chur síos orthu: gníomhartha, smaointe agus caint.

 

Caint

Gné ar leith de cheird na heagarthóireachta an chaint idir na carachtair. Arís, níl dóthain spáis sa bhlag seo chun cur síos a dhéanamh ar an ealaín seo go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: is é an dúshlán a bhíonn roimh an údar ná cuma nádúrtha a chur ar chaint a bhíonn, nach mór i gcónaí, mínádúrtha.

Uirlisí eile

Tá neart gléasanna eile i mbosca uirlisí an scríbhneora: tá am, áit, achoimre, rithim agus an rud teibí seo ar a dtugtar ‘glór’ ar chuid acu. Molaim d’éinne a bhfuil spéis dháiríre acu sa scríbhneoireacht chruthaitheach Self-Editing for Fiction Writers le Renni Browne agus Dave King (HarperResource, 1993 / 2004) a cheannacht. Más ann dá leithéid agus ‘Bíobla na heagarthóireachta’, seo é.

Is féidir le próiseas na heagarthóireachta a bheith dúshlánach go leor don té atá ag dul i ngleic leis den chéad uair, ach is fiú go mór do chuid féin a dhéanamh den cheird: nuair a bheidh na rialacha ar eolas agat, is féidir iad a bhriseadh.

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life. Is féidir iad a cheannach anseo>>

« New Book: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana
Guest-blog by Alex Hijmans – Polish and deletion »