I dtír mhilis na mbeo

Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Colm Ó Ceallacháin’s first collection of short stories. Here we meet young and old, struggling with the tribulations of life.

10.00

Stoc ar fáil

[flipbook-popup id=”tir-mhilis”]

Léigh sliocht as an leabhar >>

[/flipbook-popup] Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag feitheamh le beirt bhuachaillí óga le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid de shíor dár bhfuadach as an saol seo, ach i scéal amháin is í an litir ‘i’ féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile. Searbh í ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo. Á léamh ag Liam Ó Muirthile. © 2017 Cois Life. Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin atá an taifeadadh seo curtha ar fáil saor in aisce ag Cois Life. Is sárú cóipchirt aon chraolachán neamhúdaraithe, aon léiriú poiblí, aon chóipeáil, ataifeadadh nó teo-nascadh ar bith gan réamhchead an fhoilsitheora. Chun cead a iarraidh déantar teagmháil le eolas@coislife.ie.  

Meáchan 100 g
Toisí 180 × 123 × 1 cm
Foilsithe

2017

Áine Ní Ghlinn, ‘Údar Cainte’ ar Raidió na Gaeltachta 27/6/17

Ceapaim gur an-chnuasach go deo é seo. Éiríonn le gach scéal suíomh thar a bheith réalaíoch a léiriú agus saol an ghnáthdhuine a iniúchadh go mion.  Nochtann Colm Ó Ceallacháin téamaí daonna láidre tríd na scéalta, cleachtadh a chuireann an léitheoir ag machnamh arís agus arís eile. Anuas air sin is cnuasach breá soléite é a bheadh foirfe do chlubanna leabhair.  Molaim go mór é as an saothar spéisiúil nua-aimseartha seo.

Eoin P. O Murchú, ar Tuairisc.ie.

Tá dhá scéal ar leith ar deacair gan suntas a thabhairt dóibh. Samplaí den litríocht shrianta nó ‘constrained literature’ iad. Sa chéad cheann, Fuadach, fuadaítear an guta ‘i’ agus níl úsáidtear ar chor ar bith sa scéal é agus sa dara ceann, a thagann díreach ina dhiaidh, níl mar ghuta ann ach ‘i’.

Léiríonn Fuadach go háirithe cumas an scríbhneora agus scéal gasta inste aige gan aon chabhair ó ghuta áirithe, scéal a bhfuil rian den bhleachtaireacht agus den tráchtaireacht pholaitiúil air. Tá ceangal idir an dá scéal seo agus cé gur deacra i bhfad scéal a bhfuil dealramh leis a scríobh gan ‘aeou’, éiríonn leis mar phíosa próis cé gur cosúla le filíocht é. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne duit an Francach Georges Perec, a scríobh an t-úrscéal La Disparition sans ‘e’; agus nár úsáid ach ‘e’ in Les Revenentes. Cuireann cleasaíocht mar seo le nuálaíocht an chnuasaigh, agus ní ar mhaithe le cleasaíocht amháin é.

 Léigh an léirmheas iomlán Tuairisc.ie >>