I dtír mhilis na mbeo (closleabhar saor in aisce)

0.00

Stoc ar fáil

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag feitheamh le beirt bhuachaillí óga le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid de shíor dár bhfuadach as an saol seo, ach i scéal amháin is í an litir ‘i’ féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile. Searbh í ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo.

Á léamh ag Liam Ó Muirthile. © 2017 Cois Life. Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin atá an taifeadadh seo curtha ar fáil saor in aisce ag Cois Life. Is sárú cóipchirt aon chraolachán neamhúdaraithe, aon léiriú poiblí, aon chóipeáil, ataifeadadh nó teo-nascadh ar bith gan réamhchead an fhoilsitheora. Chun cead a iarraidh déantar teagmháil le eolas@coislife.ie.