Plé ar Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain le Máire Ní Neachtain agus Máire Ní Chualáin 13 September 2020 – Posted in: News

Leathchéad bliain ó shin, ar an 18 Deireadh Fómhair 1970, bhásaigh Máirtín Ó Cadhain sárlaoch litríocht na Gaeilge sa bhfichiú aois. Beidh deis ann páirt a ghlacadh i gcomóradh ar an údar mar go bhfuil ciorcal léitheoireachta beartaithe a bhuíochas don teicneolaíocht.
Leathchéad bliain ó shin, ar an 18 Deireadh Fómhair 1970, bhásaigh Máirtín Ó Cadhain sárlaoch litríocht na Gaeilge sa bhfichiú aois.  Bhí roinnt imeachtaí á n-eagrú i dtús na bliana seo leis an dáta a chomóradh ach de bharr ar tharla ó shin níorbh fhéidir leanacht leis na pleananna áirithe sin.
Beidh deis ann mar sin féin páirt a ghlacadh i gcomóradh ar an údar mar go bhfuil ciorcal léitheoireachta  beartaithe a bhuíochas don teicneolaíocht.  Tiocfaidh buíon léitheoirí le chéile chuile re Domhnach ag 7.30 i.n ón 18 Deireadh Fómhair ar aghaidh,  ar feadh uair a chloig nó mar sin ar chóras Zúm.
Beidh léitheoir i mbun chuile sheisiún a threoróidh na léitheoirí trí scéal a fhógrófar roimh ré agus beidh deis ag chuile dhuine a bheith gníomhach sa bplé ar scéalta as an leabhar Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta: a d’fhoilsigh Cló IarChonnacht sa mbliain 2014.
Saothar údair a léamh an ceiliúradh is feiliúnaí d’údar ar bith agus tá súil go spreagfaidh na seisiúin plé seo léitheoirí le hathchuairt nó go deimhin féin cuairt don chéad uair a thabhairt  ar ghearrscéalta Uí Chadhain, an t-ábhar a mheabhrú dúinn féin, níos mó aithne a chur ar an gcomhthionól as ar fuineadh an túdar agus an t-ábhar, téamaí a chíoradh agus taitneamh a bhaint as “caint thíriuil, caint chréúil, caint chraicneach” a mhuintire mar a dúirt an Cadhnach é féin.
‘An Taoille Tuile’ a céadfhoilsíodh sa gcnuasach An Braon Broghach, an scéal a phléifear ar an 18 Deireadh Fómhair faoi threoir Mháire Ní Neachtain as an Spidéal agus beidh Máire Ní Chualáin as an gCeathrú Rua i mbun plé ar an mBearna Mhíl ar Lá Samhna.
Más maith leat a bheith ag léamh nó má bhí rún agat tabhairt faoi shaothar Uí Chadhain uair éicint: tapaigh an deis seo! Níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist  a sheoladh chuig optchoisfharraige@gmail.com le d’ainm a chlárú agus An Taoille Tuile a léamh roimh an 18 Deireadh Fómhair.

« Seoladh ar líne ‘Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta’ ag Féile na bhFlaitheartach
International seminar to examine the short stories of Máirtín Ó Cadhain »