Guest blog with Alex Hijmans – Putting pen to paper 10 April 2014 – Posted in: Uncategorised, Guest blog

When writing a first draft of a piece of fiction, don’t forget to shove a sock in your inner editor’s mouth, Alex Hijmans writes in the fourth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Mar a dúirt mé an mhí seo caite, ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht. Sa chéad dréacht, is féidir leat do rogha rud a scríobh agus do rogha botún a dhéanamh, fad is a thagann an scéal amach. Ar ball – nuair a bheidh an dara, an tríú, nó an seachtú dréacht is fiche idir lámha agat – beidh am agat sleachta nár éirigh leo a ghearradh amach, botúin a cheartú agus snas a chur ar an iomlán.

Ach ní anois. Agus an chéad dréacht á bhreacadh síos agat, beidh ort gobán a chur i mbéal d’eagarthóra inmheánaigh – an máistir scoile sin istigh i do cheann a shioscann leat nár cheart duit scríobh faoi, deirimís, gnéas béil (nó a deir, sa chás gur duine leathanaigeanta é, nach ndéarfadh fear nó bean Ghaeltachta ‘gnéas béil’ go brách agus go mb’fhearr duit leagan níos dúchasaí a aimsiú go beo.) Má éisteann tú leis an duine cabhrach seo agus tú i mbun do chéad dréachta, scriosfaidh sé do scéal.

Bealach amháin chun an t-eagarthóir inmheánach seo a choinneáil ina thost ná luas. Cuir do pheann síos ar an leathanach bán, tosaigh ag scríobh, coinnigh ort ag scríobh, agus ná bain do pheann ón bpáipéar arís go dtí go mbíonn an scéal (nó i gcás saothair fhada, an radharc a chuir tú romhat a scríobh) breactha síos agat.

Seo, dála an scéil, an fáth gur le peann agus páipéar, agus ní ar ríomhaire, a scríobhaim an chéad dréacht de shaothar ficsin ar bith. Is breá le m’eagarthóir inmheánach an cnaipe ‘delete’: is féidir leis fáil réidh le lá iomlán oibre ach an cnaipe sin a bhrú. Ar chúis éigin, níl an greim chéanna aige ar mo pheann dúigh, agus fiú má scriosann sé abairt amach, níl na focail sin caillte go deo.

Ach is é an bealach is fearr atá ar eolas agam chun an t-eagarthóir inmheánach a choinneáil ina thost ná an leigheas céanna atá ar an tinneas cáiliúil úd a chuireann as do scríbhneoirí áirithe ó am go chéile: ‘bac scríbhneora’. Agus is éard atá sa leigheas seo ná laethúlacht.

Tosaíonn pluiméar ag obair ag a hocht a chlog ar maidin, bíodh inspioráid aige chun píosa pluiméarachta a dhéanamh nó ná bíodh. Ní bhíonn ‘bac pluiméara’ ag cur as dó.

Tosaíonn mo lá oibre féin ag a hocht a chlog ar maidin freisin. Post í an scríbhneoireacht cosúil le post ar bith eile: caithfear obair a dhéanamh gach lá. Ní réiteoidh doirteal blocáilte é féin. Ní scríobhfaidh scéal é féin ach an oiread.

Ó rinne mé tásc laethúil den scríbhneoireacht roinnt mhaith blianta ó shin, tá méadú mór tagtha ar fhoighid m’eagarthóra inmheánaigh: tuigeann sé go mbeidh deis aige slad a dhéanamh ar mo chuid scríbhneoireachta lá breá éigin amach anseo – agus dá bharr sin bíonn sé sásta fanacht ina thost agus mé ag obair ar an gcéad dréacht.

Tá sé tábhachtach ach go háirithe don scríbhneoir ficsin a mbíonn post lae eile aige – bíonn orm féin dul i mbun iriseoireachta chun na billí a íoc – am a chur i leataobh don scríbhneoireacht fhicsin gach uile lá, fiú muna mbíonn ann ach uair an chloig. Ar an gcaoi sin amháin a mbeidh an muinín chéanna ag an scríbhneoir as a chuid scileanna féin agus a bhíonn ag an bpluiméar as a chuid scileanna siúd, agus ar an gcaoi sin amháin a thosóidh scéalta ag sileadh a luaithe is a chasann an scríbhneoir sconna na scríbhneoireachta air.

Céard a tharlaíonn don chéad dréacht nuair a éiríonn leat é a shábháil ó chrúba an eagarthóra inmheánaigh? Sin ábhar na míosa seo chugainn

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life.  Is féidir iad a cheannach anseo>>

 

« Guest-blog with Alex Hijmans – The compost heap
New Spring 2014 Titles Published! »