Pádraic Breathnach @ 80 4 July 2022 – Posted in: News – Tags:

Lá breithe sona duit a Phádraic!

Tá an scríbhneoir iomráiteach Pádraic Breathnach, as Maigh Cuilinn ó dhúchas, ag ceiliúradh a 80ú breithlá an mhí seo.

I Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh Pádraic Breathnach sa bhliain 1942. Gearrscéalaí, úrscéalaí agus bailitheoir béaloidis é a bhfuil scór leabhar foilsithe aige, móide na céadta alt. Tá cur síos déanta aige ar a shaol sa leabhar Ag Útamáil Liom (Cló Iar-Chonnacht, 2021)

Tá Pádraic Breathnach ag scríobh ó bhí sé aon bhliain déag d’aois agus is iomaí duais agus gradam atá bronnta ar a shaothar i gcaitheamh a shaoil. I 1992 bhronn an Foras Cultúir Gael-Mheiriceánach Gradam Liteartha an Bhuitléaraigh air agus is iomaí duais de chuid Oireachtas na Gaeilge atá bronnta ar a shaothar.

Tá cáil ar a chur síos ar ghasúir, ar an dúlra agus ar aonaránachas. Uaigneas na himirce i seascaidí an chéid seo caite atá mar théama san úrscéal As na Cúlacha (1998); úrscéal campais é Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012); léiriú ar mhídhílseacht phósta atá in Dialann mo Mháthar (2018) a ghnóthaigh an phríomhdhuais Oireachtais 2016.

Léigh tuilleadh faoi shaol agus saothar Phádraic Breathnach ar an suíomh idirlín Portraidi.ie

« Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta
Cúrsaí foilsitheoireachta pléite ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais »