Olivia Golden – saothar maisithe léi le feiceáil in IMMA 7 Samhain 2013 – Posted in: Gan chatagóir

Déanann Cois Life comhghairdeas le Olivia Golden a roghnaíodh i measc na n-ealaíontóirí  le haghaidh Pictiúr –  taispeántas de shaothair ealaíne le leabhair do pháistí a mhaisiú atá ar siúl ó 14 Samhain 2013 go dtí 12 Eanáir 2014 i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, Cill Mhaighneann (IMMA).

Tá saothar de chuid Olivia as an leabhar An Dragan Feasa a scríobh Rhiannon Watson ar taispeáint mar chuid de Pictiúr. Is féidir an leabhar a cheannach anseo. Is í Laureate na nÓg, Niamh Sharkey a thiomsaigh an taispeántas  agus tá sé tar éis bheith ar chamchuairt Eorpach cheana féin, i Vín na hOstaire, i mBologna san Iodáil, sa Bhruiséil agus i Leuven na Beilge – le cúnamh ó Chultúr Éireann.

Murar leor sin, thug an taispeántas bogshodar beag in Éirinn chomh maith – ag stopadh i mBaile Bhlainséir agus i nGaillimh sular thug aghaidh ar an ardchathair – turas a rinneadh le cúnamh ón gComhairle Ealaíon. An té an bhíonn siúlach, bíonn sé (nó sí) siúlach, pictiúrach!

Ba iad na maisitheoirí leabhar a ghlac páirt ná: Lily Bernard, Adrienne Geoghegan, Anita Jeram, Donough O’Malley, Alan Clarke, Olivia Golden, Chris Judge, Niamh Sharkey, Michael Emberley, Chris Haughton, P.J. Lynch, Steve Simpson, Tatiana Feeney, Paul Howard, Oisin McGann, Kevin Waldron, Marie-Louise Fitzpatrick, Oliver Jeffers, Mary Murphy, Olwyn Whelan agus Andrew Whitson.

« Leabhar Laethanta – Donla uí Bhraonáin (Cois Life, 2013)
Diarmuid Ó Gráinne (1950-2013) RIP »