Oireachtas Prizes 16 November 2016 – Posted in: Uncategorised
Bhain go leor dár gcuid údar duaiseanna liteartha amach ag Oireachtas 2016.
Some of our successful authors from the Oireachtas awards 2016.
Ghnóthaigh Michelle Nic Pháidín an dara duais sa chatagóir Úrscéal – Ficsean Ginearálta don úrscéal An tIriseoir. Foilsíodh An tIriseoir in 2016 agus bhí an-tóir air ó am a fhoilsithe.
Michelle Nic Pháidín was awarded second place in the category Novel – General Fiction for her work An tIriseoir. An tIriseoir was published in 2016 and has been in constant demand since its release.
Ghnóthaigh Órna Ní Choileáin an dara duais sa chatagóir Ficsean do dhaoine óga (13-15) lena scéal An Spéirling. Is í Orna Ní Choileáin údar na sraithe iomráití Ailfí agus an Vaimpír agus chomh maith leis sin tá dhá chnuasach gearrscéalta aici do dhaoine fásta, Canary Wharf agus Sciorrann an tAm.
Órna Ní Choileáin was awarded the second prize in the category Fiction for teenagers (13-15) for her work An Spéirling. Orna Ní Choileáin is the author of the well-received series Ailfí agus an vaimpír. She is also the author of two collections of short stories for adults Canary Wharf and Sciorrann an tAm.
Bhain an gearrscéal An Neascóid le Alex Hijmans duais amach as chatagóir Gearrscéal – Duais an Mhaolánaigh . Tá an gearrscéal seo le foilsiú mar chuid de bhailiúchán Alex Idir dhá thír go luath.
Alex Hijmans was awarded a prize in the category Short story – Duais an Mhaolánaigh for his short story An Neascóid. The winning short story is part of Alex’s latest collection of short stories Idir dhá thír.