Ócáid ar-líne ag ceiliúradh togra scríbhneoirí Gaeilge agus Maoraise na Nua-Shéalainne 18 Samhain 2021 – Posted in: Nuacht – Clibeanna:

Togra Scríbhneoirí Gaeilge agus Maoraise na Nua-Shéalainne

 Dé Céadaoin, 24 Samhain, 20.00 ar Zoom

Cliceáil ar an nasc seo le freastal ar an ócáid trí Zoom ar-líne ar an gCéadaoin, 24 Samhain ag 20:00 (am na hÉireann).

Sa togra seo, tugadh cuireadh do bheirt scríbhneoirí ó Ghaeltacht na Gaillimhe agus do bheirt scríbhneoirí Maoracha píosa nua scríbhneoireachta a chruthú faoin teideal Dinnseanchas agus é a chur i láthair ag Féile CÚIRT na Gaillimhe i mí Aibreáin seo caite agus ag Féile WORD i Christchurch na Nua-Shéalainne ag tús na míosa seo. Idir an dá linn, d’aistrigh na scríbhneoirí saothar a chéile ó Ghaeilge go Maorais agus ó Mhaorais go Gaeilge (via Béarla). Eagraíodh ceardlanna do scríbhneoirí eile ar mhaith leo scríobh faoin téama céanna.

Tá go leor  cosúlachtaí idir muintir na Gaeltachta in Éirinn agus na Maoraigh sa Nua-Shéalainn. Tá nasc láidir ag an dá chultúr lena gcuid seanchas miotaseolaíochta, atá ceangailte le tírdhreach agus le teanga, agus tá stair iarchoilíneach ag an dá dhream. Chomh maith leis sin, tá a gcuid scríbhneoirí ag obair i dteanga neamhfhorleathan.

Ag an ócáid seo beidh deis ag an bpobal éisteacht leis na scríbhneoirí ag léamh a saothair nuascríofa. Ar na scríbhneoirí as Éirinn a bheas ag léamh beidh Micheál Ó Conghaile agus Máire Uí Dhufaigh chomh maith le beirt a d’fhreastail ar na ceardlanna, Mícheál Ó Ruairc agus Áine Moynihan.

Cuirfidh an t-amhránaí sean-nóis Caitlín Ní Chualáin an caoineadh a chum na scríbhneoirí Maoracha Charisma Rangipunga agus Hana O’Regan i láthair, Caoineadh dár Sinsir (He apakuara ki kā tīpuna).

Is é an t-ollamh comhlach Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame a chuirfeas an ócáid i láthair agus beidh fáilte roimh cheisteanna ón lucht éisteachta.

Buíochas le hEalaín na Gaeltachta a thacaigh leis an togra seo.

« Sladmhargadh na Nollag ó 1 go 23 Nollaig
Leabhar nua le Áine Ní Chonghaile ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana »