Bailiúchán nua scéalta 8 Meán Fómhair 2015 – Posted in: Nuacht

ISBN: 978-1-907494-53-6

Praghas: €10

Tá bailiúchán nua scéalta le Labhrás Ó Finneadha, Ibíotsa, ar fáil anois. Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin atá sa leabhar nua. Is é seo an chéad leabhar ficsin le Labhrás. D’fhoilsigh Cois Life a chéad leabhar, aistriúchán de thrí théacs spéisiúla ón 19ú haois, Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013.

Is áis chomhghabhalach iontach é an closleabhar, á léamh ag Labhrás féin ar cainteoir dúchais ón Spidéal é, leis an leabhar álainn agus tá sé ar fáil le híoslódáil saor in aisce.

« Úrscéal nua le hÉilís Ní Dhuibhne
Aois Fir – úrscéal nua le Liam Ó Muirthile »