Mórsheoladh leabhair ag IMRAM 6 Samhain 2023 – Posted in: Nuacht, Seoltaí leabhar – Clibeanna: , , , ,

MÓRSHEOLADH LEABHAR
17 Samhain

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, agus IMRAM thú a bheith i láthair ag mórsheoladh leabhair ar an Aoine, 17 Samhain ag 7:30 i.n. in Amharclann Smock Alley, Baile Átha Cliath, nuair a sheolfar na leabhair:

FÁINNE GEAL AN LAE
Éilís Ni Dhuibhne

á sheoladh ag Áine Ní Ghlinn

Scéal é seo faoi cháilin óg, Róisín, atá ag fás aníos i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i gcaogaidí agus seascaidí an chéid seo caite. Cuimhní cinn, más ea, a chuireann teacht in inmhe cailín óig i láthair go seoigh.

AG DUL I bhFAD
Alan Titley

á sheoladh ag Pádhraic Ó Ciardha

Ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana Fhoras na Gaeilge sna An Post Irish Book Awards.

Gearrscéalta nua ó pheann an Titlígh – fabhalscéalta, scéalta óige, eachtraí iomána agus peile, bréaginsintí éagsúla, scéalta gaisce nó rómánsaíochta, agus scéal fada amháin.

INSIDE INNTI: A NEW WAVE IN IRISH POETRY
in eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Tristan Rosenstock

á sheoladh ag Dr Eoin Mac Cárthaigh

Cnuasach aistí faoin iris Innti, a d’athraigh saol litríochta na Gaeilge ó bhun go barr.

Ceol le Enda Reilly.

Ionad: Smock Alley | Cead isteach in aisce, ach is gá ticéad a chur in áirithe. Cliceáil ANSEO

SONRAÍ DON IONAD: 

Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 8
Áirithintí: (01) 6770014 or www.smockalley.com

 

 

Cathal Póirtéir i gcomhrá le Éilís Ní Dhuibhne »