Moltaí ón bpobal á lorg ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain á cheiliúradh 3 Márta 2022 – Posted in: Blog – Clibeanna:

Ceiliúradh ar an saibhreas atá i gcartlann RTÉ RnaG don 50 bliain

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana, agus mar chuid den cheiliúradh sin tá sé beartaithe ag an stáisiún rogha den cheol agus den amhránaíocht is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na héisteoirí ó 1972 a chur ar fáil mar albam.

Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer ar 2 Aibreán 1972 agus tá an stáisiún fréamhaithe sa chultúr Gaelach ón gcéad lá. Déanfaidh an t-albam seo ceiliúradh ar chuid lárnach den chultúr sin, an ceol agus na hamhráin, atá ag croílár chraoladh an stáisiúin.

Beidh trí dhlúthdhiosca san albam – ceann amháin atá dírithe ar an amhránaíocht ar an sean-nós, ceann amháin atá dírithe ar an gceol traidisiúnta, agus ceann eile dírithe ar amhráin a cumadh ó 1972 i leith.

Moltaí á lorg ón bpobal

Is rogha na n-éisteoirí a bheas le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí seo, mar sin tá RnaG ag cuartú moltaí an phobail.

Tá siad chun díriú ar dtús báire ar an amhránaíocht ar an sean-nós, agus ba mhaith leo go dtiocfadh an pobal i dteagmháil leo le rá leo céard é an t-amhrán sean-nóis is fearr leo atá cloiste acu ar Raidió na Gaeltachta?

Cén chaoi gur féidir leat moltaí a sheoladh isteach?

Is féidir litir a chur sa phost chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe, nó é a chur chucu ar ríomhphost rnag50@rte.ie as seo go dtí 11 Márta don rogha amhrán ar an sean-nós.

Ina dhiaidh sin, breathnóidh siad ar an dá dhlúthdhiosca eile ceann ar cheann, agus coinneoidh siad an pobal ar an eolas nuair a bheas moltaí dóibh siúd ag teastáil.

Is faoi choiste de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheas sé an rogha deireanach a dhéanamh, bunaithe ar rogha an phobail. Tá sé i gceist go mbeadh ionadaíocht ó na Gaeltachtaí uilig san áireamh sa rogha, agus amhránaithe fir agus ban dar ndóigh.

Is iad Cló Iar-Chonnacht a chuirfidh an t-albam i gcló, agus beidh sé ar fáil freisin le híoslódáil i bhfoirm dhigiteach.

Tá breis eolais le fáil ag rte.ie/rnag

« Beathaí nua curtha le Ainm.ie
Laethanta Sona: Translating Samuel Beckett’s ‘Happy Days’ »