Maitríóisce ar Ghearrliosta Leabhair na Bliana 2012 do CBI 25 Márta 2012 – Posted in: Gan chatagóir

Tá an-áthas ar Cois Life a rá gur gur ainmníodh Mairtríóisce le Siobhán Parkinson ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair na Bliana 2012 ag Children’s Books Ireland.  Is féidir é a cheannach anseo>>

Bhí thart ar 70 leabhar san iomaíocht don ghearrliosta i mbliana agus dúirt Cathaoirleach na mBreithiúna, Keith O’Sullivan, faoin ngearrliosta ‘tá naoi leabhar den scoth ar an ngearrliosta i mbliana a léiroidh saibhreas agus sásamh na léitheoireachta do léitheoirí óga. Pléitear gach saghas iontu – gach rud ó chastachtaí an tsaoil chomhaimseartha go dtí scéalta grinn – ach tá ceardaíocht agus ealaín ag roinnt le gach leabhar acu‘. Bíonn na naoi leabhar san iomaíocht le haghaidh sé nduais éagsúla – ina measc duaise a roghnaíonn paineál leanaí – agus fógrófar na buaiteoirí ag searmanas i mí na Bealtaine.

Is é a dúirt na breithiúna faoi Mhaitríóisce ná: ‘san úrscéal seo atá inmholta ó thaobh simplíocht a phlota, léirítear turas na príomhphearsa dhéagóra agus í sa tóir ar ghinealas a theaghlaigh ag dul siar trí chúig ghlúin máthartha.’

MAITRÍÓISCE by Siobhán Parkinson

Nuair a shroicheann Mara trí bliana déag d’aois tá sí ag súil go mór lena bronntanas ach nuair a osclaíonn sí é, athraíonn an scéal. Ní iPod nó seodra atá ann ar chor ar bith ach sraith bábóg maitríóisce ón Rúis. Séad fíne óna sheanmháthair atá ann agus ar dtús níl suim dá laghad aici sa bhronntanas páistiúil seo. Ní hamháin sin ach tá ceann de na bábógíní ar strae!

De réir a chéile, tuigeann Mara go bhfuil stair taobh thiar den bhábóg caillte agus téann sí sa tóir ar an fhírinne faoi bhrí agus scéal na bábóige seo. Lena cara Dorota lena taobh, glacann Mara ról an bleachtaire agus í ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoina gcúlra agus faoi stair na bábóige.

Ainmníodh leabhar eile le Siobhán ar an ngearrliosta – leabhar Béarla BRUISED a d’fhoilsigh Hodder Children’s Books (Londain).

Is iad na leabhair eile atá ar an ngearrliosta ná:

A GREYHOUND OF A GIRL le Roddy Doyle

INTO THE GREY le Celine Kiernan

MY DAD IS TEN YEARS OLD: AND IT’S PURE WEIRD le Mark O’Sullivan

STUCK le Oliver Jeffers

THE BUTTERFLY HEART le Paula Leden

WILL GALLOWS AND THE SNAKE-BELLIED TROLL le Derek Keilty

Is é an t-aon leabhar Gaeilge eile atá ar an ngearrliosta ná Ó CHRANN GO CRANN le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson (léaráidí) a d’fhoilsigh An tSnáthaid Mhór – leabhar eile ar ardchaighdeán mar is dual dóibh

« Princess Grace Irish Library, Monaco – Aoibhinn Beatha an Scoláire
Dúlra Oileáin Árann – Con Ó Ruairc »