Máirtín Ó Cadhain’s work to be commemorated by Trinity College Dublin in online conference 5 November 2020 – Posted in: News

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ag comóradh agus ag ceiliúradh beatha agus saothair an mhórscríbhneora Máirtín Ó Cadhain.

Cláraigh roimh ré le Eventbrite ag an nasc seo: https://www.eventbrite.com/e/comhdhail-ui-chadhain-2020-roinn-na-gaeilge-colaiste-na-trionoide-tickets-121708065099

Tá leathchéad bliain imithe ó cuireadh an mórscríbhneoir Máirtín Ó Cadhain i gcré na cille. Ba é Ollamh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide é, agus tá Roinn na Gaeilge sa Choláiste ag eagrú comhdháil lae ar líne Dé hAoine 20 Samhain chun a bheatha agus a shaothar a chomóradh is a cheiliúradh.


Beidh na himeachtaí ar fad ar líne. Tá freastal saor in aisce ach ba chóir áit a chur in áirithe roimh ré ar shuíomh idirlín Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Beidh togha na gcainteoirí agus na gcainteanna ann. Ina measc, beidh:
Mícheál Briody: ‘Páipéir neamhfhoilsithe Mháirtín Uí Chadhain: a raon agus a dtábhacht’
Máirín Nic Eoin: ‘Cumadóireacht Uí Chadhain: tionscnamh cartlainne agus foilsitheoireachta’
Colm Ó Cuaig & Charles Dillon: ‘Máirtín Ó Cadhain: foclóirí’
Radvan Markus: ‘Cré na Cille mar úrscéal ciclipéideach’
Máire Ní Annracháin: ‘An t-olc bunaidh: titim an duine’
Caitlín Nic Íomhair: ‘Slánú, athdhéanamh agus Sisifeas i luathscéalta Uí Chadhain’
Ian Ó Caoimh: ‘Athnuachan: caitheamh aimsire ar thórramh’
Alan Titley: ‘The Dregs of the Day agus scéalta eile: an dúshlán aistriúcháin’

« Writing Workshop in association with Queen’s University Belfast
SLIOCHT 2020 ag Oireachtas na Samhna ar líne »