Máire Zepf agus a laethanta leis na Lochlannaigh 11 June 2015 – Posted in: Uncategorised

Bhuaigh Máire Zepf an chéad duais d’fhicsean do dhaoine óga in Oireachtas na Samhna 2015 do Lá leis na Lochlannaigh. Foilseoidh Cois Life é in 2016. Anseo mhíníonn an t-údar dúinn céard a spreag í chun an leabhar seo a scríobh:

Chaith mé seal an-phléisiúrtha ar fad ag scríobh Lá Leis na Lochlannaigh. Bhain mé sult as cuimse as an taighde ach go háirithe. Ní suim atá agamsa sa stair, ach cineál saobhghrá. Cuirim an locht ar mo Dhaidí i ndáiríre. Is eisean a thug thart ar na seanreiligí muid mar pháistí agus é ag obair ar stair theaghlaigh. Is eisean a thaispeáin seanleabhair i gcló ornáideach dom nuair nach raibh mé ábalta codladh. Agus is eisean a ghlac go tithe seandaoine gan fiacla muid agus é ag taifead a gcuid scéalta. Is tógálach an rud í an tsuim, agus ní shílim gur iontas ar bith é gur roghnaigh mé an stair mar ábhar ollscoile. Ar an ollscoil in Oxford, d’fhoghlaim mé an cheird. D’fhoghlaim mé an bealach chun gach sórt foinse a láimhseáil agus faoi na modhanna éagsúla ar fáil don staraí. Níos mó ná rud ar bith eile, chuir mé dúil acadúil san athléamh, athinsint agus athrá ar féidir a dhéanamh leis an eolas céanna trí lionsaí difriúla.

Nuair a d’fhás an mhian ionam scéal a scríobh do pháistí, bhí sé soiléir dom gur scéal a mbainfeadh leis an stair a bheadh i gceist. In 2012, foilsíodh Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) chun teacht le comóradh céad bliain na tragóide sin. Tá Lá Leis na Lochlannaigh mar an dara scéal sa tsraith – an t-am seo, téann Cormac agus Brídín tríd an doras draíochta ar ais go ham na Lochlannach i nDuibhlinn.

Spreag cuid mhór rudaí mo chuid suimse i dtréimhse na Lochlannach. An dátheangachas, idir Ghaeilge agus Lochlannais, i measc theaghlaigh Dhuibhlinn, mar shampla. Nó an fhadhb caidreamh poiblí atá ag na Lochlannaigh ar fud an domhain agus clú fíochmhar, trodach, fiáin orthu. Ach is iad na hiarsmaí a chuir an scleondar is mó orm. Tá bréagáin Lochlannacha le feiceáil in Ard-Mhúsaem na hÉireann – capaill, báid, claíomh adhmaid agus cluichí boird – agus tá mé faoi gheasa acu. Tá rud éigin chomh daonna is chomh soineanta sin fúthu go bpléascann siad íomhá bharbartha na Lochlannach ina smidiríní. Shocraigh mé na hiarsmaí a scríobh isteach sa scéal, idir sheodra is chlaimhte, bréagáin, cíortha is uirlisí chistine.

Tá sé mar aisling agam go gcuirfidh an scéal seo páiste éigin cosúil liom féin i dtreo na hiarsmalanna. San aisling seo, seasann an mise-pháiste seo os comhair bosca gloine, agus in áit seanphíosaí adhmaid agus miotal, feiceann sé rudaí beo – capaillín Bjarki agus é ag sodar i gcluiche samhlaíoch, nó bonn arabach agus é in úsáid i lár an mhargaidh. Lasann splanc intinne sa mhise-pháiste. Mar sílim i ndáiríre, nuair a mhothaíonn tú an ceangal sin idir muidne agus ár sinsir don chéad uair, nach gcaillfidh tú riamh é.

Máire Zepf tar éis di an chéad duais d’fhicsean do dhaoine óga a fháil ag an Oireachtas, Mí na Samhna, 2015.

« ‘Splancanna ó shaol eile’ – Book of the month ClubLeabhar.com
Congrats to Áine Ní Ghlinn! »