Léitheoireacht an tSamhraidh! 25 July 2013 – Posted in: Gan chatagóir

Léitheoireacht an tSamhraidh – Cois Life cois trá!

Agus séasúr an tSamhraidh tosaithe i gceart anois, tá sé tráthúil féachaint ar na sárleabhair atá ar fáil mar léitheoireacht éadrom.

Is féidir Buaic le Dermot Somers a thabhairt síos chun na trá leat agus coinneoidh leac oighir agus sneachta Everest breá fionnuar tú fad a bheidh an t-úrscéal seo á léamh agat. Tuilleadh sonraí anseo.

Má tá tú ag díriú ar an gcósta agus más spéis leat dúshlán na bleachtaireachta, ní shárófar Sceon na Mara le Liam Ó Muirthile mar ábhar léitheoireachta atá préamhaithe san fhíorshaol. Téir in achrann i líon na mistéire anseo

Is é atá in Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne scéal bleachtaireachta sna bruachbhailte nua-aoiseacha agus léiríonn modh inste an údair na buanna plotála agus castachtaí ar fad a rug sí léi óna taithí ag scríobh cláracha i sobaldrámaí don teilifís. Is féidir tús a chur le do chuairt ar Dhún an Airgid anseo.

Má tá tú buartha faoi ‘ualach an léinn’ (nó ‘liúntas bagáiste Ryanair’ mar is fearr aithne air) cuimhnigh gur féidir na leaganacha ríomhleabhair a cheannach ach an oiread ar do kindle, iPad nó do rogha gléas eile.

« Léirmheas ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta
Agallamh le Liam Ó Muirthile ar Southword »