Lascaine 20% ar leabhair do Leabhra Feabhra 20 Eanáir 2022 – Posted in: News, Special offers – Clibeanna:

Tá lascaine 20% le fáil ar leabhair ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht go dtí an 2 Feabhra mar cheiliúradh ar Leabhra Feabhra.

Cuirfear an lascaine i bhfeidhm ar gach ordú leabhair ar an suíomh idirlín ach an cód cúpóin ‘LF22’ a chur isteach agus tú ag seiceáil amach.

Cuir do chód dearbháin isteach

 

 

Traidisiún do mhuintir na Gaeilge is ea Leabhra Feabhra ar cuireadh tús leis sa mbliain 2015.

Is Gaeil na mór-roinne a tháinig anuas leis an smaoineamh i dtosach. Níl aon bhaint aige le stát, rialtas ná údarás. Ní eagraíocht é, ach féile. Pobal na Gaeilge a chuir tús leis agus is le pobal na Gaeilge é. Is leatsa é mar sin, a chara. Bain aoibhneas as.

Conas is féidir leatsa a bheith páirteach ann?
Féile mhórchroíoch shuáilceach is ea Leabhra Feabhra agus is féidir a bheith páirteach sa traidisiún nua seo gan dua – níl le déanamh agat ach leabhar Gaeilge a cheannach agus é a bhronnadh ar dhuine an 1 Feabhra, Lá ‘le Bríde, bíodh sé ina chara leat nó ina dhuine de do mhuintir.

Is féidir leat tiomnú a scríobh laistigh den leabhar freisin a chuirfidh i gcuimhne go deo don fhaighteoir gur chuimhnigh tú air nó uirthi an lá úd fadó! “Leabhra Feabhra faoi mhaise duit!” “Beannachtaí Fhéile na Leabhar ort!” “Beannachtaí na Féile Bríde duit”.

Scaip an scéal

Más mian leat daoine eile a spreagadh le bheith páirteach sa traidisiún, téigh sa ghrúpa ar Facebook: Leabhra Feabhra– Lá Mór na Leabhar Gaeilge (https://www.facebook.com/groups/leabhrafeabhra/) áit is féidir leat moltaí a iarraidh nó a thabhairt.

Roinn grianghraf den leabhar a fuair nó a bhronn tú, nó roinn ar Twitter é (‪#‎leabhrafeabhra‬‬). Ach ná stop ansin, inis do gach duine eile cad é do bharúil den leabhar a fuair tú!

« Laethanta Sona: Translating Samuel Beckett’s ‘Happy Days’
Sladmhargadh na Nollag ó 1 go 23 Nollaig »