Leabhar nua le Pádraic Breathnach á sheoladh 17 May 2024 – Posted in: Book launch, Leabhair – Clibeanna:

Leabhar nua le Pádraic Breathnach á sheoladh

Cuireadh

Seoladh Leabhair

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, Pádraic Breathnach agus Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Dr Laoise Ní Cheallaigh an cnuasach nua gearrscéalta

Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile 
Pádraic Breathnach 

ag Comhdháil Roinn na Gaeilge Coláiste Mhuire gan Smál 

Campas Phádraig
Sráid na hArdeaglaise
Durlas Éile,
Co Thiobraid Árann
E41 C424

Dé hAoine, 24 Bealtaine ag 3:45 i.n.

Cliceáil anseo chun dul chuig Google Maps

Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile

An caidreamh a dhéanann daoine le daoine eile is cás le Pádraic Breathnach sa saothar seo – an chéad chnuasach nua gearrscéalta dá chuid le beagnach fiche bliain. Caidreamh ina thús nó ina dheireadh, caidreamh á chothú agus caidreamh á scrios, caidreamh folláin agus caidreamh míshláintiúil.

Seo díolaim scéalta a bhfuil casadh chun an dorchadais le sonrú go láidir iontu: fir dhrúisiúla, mná míshásta, tuismitheoirí atá imníoch agus páistí atá míbhuíoch, daoine atá ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine eile, agus gan a fhios acu go bhfuil an chluain á cur orthu féin.

Leabhar é ar furasta gruaim a shamhlú leis ach a bhfuil an solas ina orlaí tríd.

Pádraic Breathnach 

I gCoill Bruachlán, Maigh Cuilinn, a rugadh Pádraic Breathnach, i 1942. Ar an iliomad cnuasach gearrscéalta atá foilsithe aige, tá An Pincín agus Scéalta Eile (1996) agus Ingne Dearga Dheaideo (2005). 2014, foilsíodh Rogha Scéalta leis, roghnaithe ag an Ollamh Brian Ó Conchubhair.

Ar na húrscéalta leis atá foilsithe, tá Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012) agus Dialann mo Mháthar (2018). Tá dhá leabhar béaloideasa foilsithe freisin aige: Maigh Cuilinn: a Táisc agus a Tuairisc (1986) agus Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair (2007). Tá sé pósta agus tá clann agus garchlann mar chúram air.

Ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais »