Leabhar nua le hOrna Ní Choileáin – foláireamh (aimsire) tugtha! 8 Feabhra 2019 – Posted in: Nuacht
‘Bhí foláireamh tugtha do mhuintir an oileáin mar gheall ar an stoirm a bhí le teacht. Níor thug na daoine aon aird air, iad ag magadh fiú. B’ionann “stoirm” in Arúba agus cúpla scamall liath sa spéir …
Thart ar mheán oíche, thuirling spéirling orthu de ruathar …’
Tá clú agus cáil ar Orna as casadh a bhaint as scéal na vaimpírí (Ailfí agus an vaimpír, Vaimpír san áiléar, I measc vaimpírí agus Greim na vaimpíre). Sa leabhar nua seo, murúch atá mar phríomhcharachtar – ach ní hionann an mhurúch seo agus murúch an bhéaloidis!