Leabhar nua le Áine Ní Chonghaile ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana 26 Deireadh Fómhair 2021 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: ,

Tá an leabhar nua An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag le Áine Ní Chonghaile ainmnithe ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana ag na An Post Irish Book Awards. Tá an duais urraithe ag Love Leabhar Gaeilge.

Beidh An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag á sheoladh  an Déardaoin, 4 Samhain, 2021. Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a sheolfaidh an saothar nua san Ionad Pobail i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe ag a 7:30 i.n.

Tugann Áine Ní Chonghaile léargas sa saothar seo ar phobal i ndeisceart Chonamara sa naoú haois déag – cé dar díobh iad, cé as ar tháinig siad agus cé leis a raibh siad ag íoc cíosa. Ina theannta sin féachtar ar an gcaoi ar shaothraigh siad ar muir is ar tír agus ar an gcaoi ar athraigh a dteacht isteach le himeacht ama.

‘Mar gheall gur pobal imeallach ar an gcúlráid a bhí iontu’ a deir Áine, ‘ba bheag é suim lucht údaráis iontu ná go deimhin eolas orthu go ceann i bhfad’.

Féachtar ar na himeachtaí agus ar na fórsaí, ar a leas nó a n-aimhleas, a bhí ag brú isteach orthu. Pobal teann neamhspleách a bhí iontu a chaith déanamh dóibh féin cuid mhaith ach a tháinig slán ainneoin na hanacra. Ba é breith oifigeach stáit amháin fúthu ag deireadh an chéid: ‘bright countenances, fine physique, and respectable appearance . . . intellectually and physically a superior race, infinitely capable’.

I dTír an Fhia i gConamara a rugadh is a tógadh Áine Ní Chonghaile. Chaith sí seal ag teagasc agus tréimhse fhada den tsaol ag plé leis an aistriúchán. Chothaigh tógáil is scolaíocht a suim sa stair. As an bpobal is ábhar don saothar seo a fáisceadh is a múnlaíodh í.

‘Fuair mé cúnamh maith’ a deir Áine ‘ó lucht léinn is ó lucht áitiúil leis an saothar seo a chur le chéile agus tá mé buíoch dá réir do chuile dhuine a roinn a gcuid eolais chomh flaithiúil liom.’

An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag

Le Áine Ní Chonghaile

Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh

ISBN: 978-1-78444-220-0

Clúdach bog, 325 lch, €20.00

« Ócáid ar-líne ag ceiliúradh togra scríbhneoirí Gaeilge agus Maoraise na Nua-Shéalainne
Físeáin nua sa tsraith Rang Beag Scríbhneoireachta »