Leabhar na Bliana : ‘Dúlra Oileáin Árann’ 21 Samhain 2012 – Posted in: Gan chatagóir

Gradam Leabhar na Bliana do ‘Dúlra Oileáin Árann’

Is cúis bhróid é do Chois Life a fhógairt go bhfuil Leabhar na Bliana Gradam Uí Shúilleabháin bainte amach ag Dúlra Oileáin Árann.

Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don leabhar seo. Tugann Con Ó Ruairc léargas tuisceanach ar uathúlacht oidhreacht na n-oileán seo – an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus plandaí, an cladach agus an fheirmeoireacht.

Ag labhairt faoin ngradam dúirt stiúrthóirí Cois Lifego raibh ‘dúshlán agus pléisiúr thar na bearta ag baint le foilsiú Dúlra Oileáin Árann.’

“Seánra nua i nGaeilge é, bunábhar dúchasach ó thaobh dúlra agus teanga de, ceiliúradh ar shaibhreas Oileáin Árann, le pictiúir den scoth agus taighde na mblianta ar a chúl. Seoidleabhar dár gcuid é agus dearadh spásmhar spreagúil air ag Alan Keogh. Bronntanas Nollag do gach aois!” 

Seo an dara bliain as a chéile go raibh dhá leabhar ar ghearrliosta leabhar na bliana ag Cois Life. Bhí Ailfí agus an Vaimpír (a thugann léargas ar shaol Marius, vaimpír speisialta ar fearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil) le hOrna Ní Choileáin ar ghearrliosta Leabhar na Bliana do Dhaoine ÓgaGradam Réics Carló.

Cuireadh Dúlra Oileáin Árann, atá foilsithe ag Cois Life, i dtoll a chéile de thoradh na gcúrsaí agus na gcuairteanna taighde a d’eagraigh údar an leabhair ar son Institiúid Bitheolaíochta na hÉireann maidir le stair an dúlra in Oileáin Árann ó na luath-1980idí i leith.

Comhlánú ar a chéile is ea an téacs grinn géarchúiseach agus na grianghraif ghleoite a thaispeánann áilleacht agus éagsúlacht oidhreacht na n-oileán. D’fhéadfadh go leor daoine spéis a chur sa leabhar seo, pé acu cuairteoirí iad, mic léinn nó iad siúd a bhfuil spéis acu i stair an dúlra.

Tá Dúlra Oileáin Árann ar fáil le ceannach sna siopaí nó ó shuíomh idirlín Cois Life: www.cic.ie

Foilsitheoir: Cois Life

Údar: Con Ó Ruairc

Bogchlúdach, lándaite, 204 lch

Praghas: €20

ISBN: 9781907494192

« Irish book stockists – Siopadóireacht na Nollag
Alex Hijmans ag Féile Leabhar BhÁC »