Leabhair d’fhoghlaimeoirí Gaeilge 11 Meán Fómhair 2025 – Posted in: Nuacht, Leabhair – Clibeanna: Foghlaimeoirí, Back to School
Ag filleadh ar an scoil
Leabhair Ghaeilge do dhaltaí agus foghlaimeoirí
Tá an scoilbhliain nua tosaithe, agus is am maith é seo le leabhair nua a fháil le cabhrú le foghlaim na Gaeilge.
Seo roinnt moltaí ó fhoireann Chló Iar-Chonnacht de leabhair atá feiliúnach do pháistí, tuismitheoirí agus múinteoirí agus foghlaimeoirí ag leibhéil éagsúla.
Bain Súp As!
Leabhar atá lán le gníomhaíochtaí spraíúla le páistí a spreagadh le Gaeilge a úsáid go nádúrtha.
Irish Grammar Book
Treoirleabhar a dhéanann cur síos trí Bhéarla ar na rialacha a bhaineann le gramadach na Gaeilge.
Mo Chéad Lá ar Scoil / My First Day at School (greamáin)
Greamáin bheaga do dhaltaí atá ag tosú ar scoil.
Gaschaint
Leabhar atá lán le frásaí simplí agus don saol laethúil. Is féidir éisteacht leis na frásaí ar na dlúthdhioscaí atá istigh leis an leabhar.
Collins First Irish Dictionary (maisithe)
Foclóir álainn maisithe do pháistí ag tosú ag foghlaim focail nua Ghaeilge.
Bí ag Scríobh (cárta tagartha)
Cárta tagartha a thugann frásaí agus leideanna atá áisiúil don té a bheadh ag scríobh i nGaeilge. An-mhaith don obair bhaile!






