Leabhair do Lá Fhéile Vailintín 2 Feabhra 2024 – Posted in: Leabhair – Clibeanna: Lá Fhéile Vailintín
Leabhair le titim i ngrá leo ar Lá Fhéile Vailintín
An áit a mbíonn an grá is goirid oíche is lá!
Filíocht ghrá na Gaeilge/Love poems in Irish
Díolaim chuimsitheach dátheangach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá.
Pléitear gach gné den ghrá san dánta agus sna hamhráin seo – meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.
An Buachaill, An Caochán, An Sionnach & an Capall
Leagan Gaeilge de shárshaothar Charlie Mackesy. Leabhar álainn é seo agus é bunaithe ar léaráidí simplí agus machnamh ar ghnéithe uilíocha de shaol an duine.
Deirdre
Is beag Gael inniu nár chuala trácht ar chur síos Dheirdre ar Naoise — gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua — ná ar fhilleadh Chlann Uisnigh as Albain lena gcur chun báis in Eamhain Mhacha.
Is ar an leagan is sine den scéal, Loingeas Mhac Uisnigh, a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair ealaíne.
Filíocht ghrá na Gaeilge/Love poems in Irish
An Buachaill, An Caochán, An Sionnach & an Capall
Deirdre