Guest blog from Labhrás Ó Finneadha: ‘Íbíotsa’ 23 October 2015 – Posted in: Uncategorised, Guest blog
Anois ó tá cnuasach scéalta liom foilsithe, tá agam an deis blag a scríobh fúthu. Tosód le hainm an leabair ‘Íbíotsa’; is traslitriú é a rinne mé féin ar ainm an oileáin Ibiza. Ach más ar an oileán sin a scríobhadh an chéad dréacht de na scéalta agus gur áiteanna ar an oileán sin atá mar shuíomh acu, bhí eithne na scéalta sin ag ritheacht thart i m’intinn le blianta agus na bunsmaointe scríofa i gcóipleabhair anseo agus ar bhileoga fánacha ansiúd. A liachtaí sin uair, mar shampla, a raibh sé i gceist agam téama an reiligiúin (seachas creideamh) a chíoradh agus a dhíchéillí atá sé go maraíonn daoine a chéile in ainm an dé chéanna; tharla dom ar an oileán seo teacht trasna ar áit ar fheil an scéal sin dó, agus – mar a deir siad – scríobh an chéad dréacht é féin.
Ba dheacra ná sin slacht a chur ar an dréacht, agus sin an uair a thosaigh an saothrú: Cén rithim a bheas leis an inseacht? An bhfuil abairtí le rith ina chéile nó le scoilteadh? An gcuirtear mórán dúblóga agus comhchiallaigh ann; nó comhfhuaim agus comhshondas? Céard atá le rá amach díreach agus céard ar leor nod a thabhairt ina thaobh agus cead ag an léitheoir a chiall féin a bhaint as? Leatsa, a léitheoir chóir, do bhreith féin a thabhairt ar an méid sin.
Fiafraítear de scríbhneoirí i gcónaí céard a spreag chun pinn iad agus cé hiad na scríbhneoirí eile a raibh tionchar acu air. Níl a fhios agam an bhfuil freagra iomlán na ceiste sin agam ar chor ar bith. Is caitheamh aimsire agamsa an scríbhneoireacht; modh atá ann chun an tsamhlaíocht a chur ar pháipéar agus mura bhfuil mórchlú agus cáil i ndán sna saolta seo do scríbhneoir Gaeilge, is deas an rud an t-aitheantas agus is ardú meanmna don duine féin é a bheith in ann a rá go bhfuil leabhar foilsithe agus cuspóir curtha i gcrích. Maidir leis na scríbhneoirí, caithfidh mé iarracht den pharóisteachas a admhachtáil anseo: ón bprós ealaíonta a bhí ag Micheál Breathnach go crua-chaint an Chadhnaigh, ba spéis liom riamh na leabhra a bhí á scríobh ag daoine as an taobh tíre arbh as mé féin. Go deimhin, tá tarraingt i gcónaí dom inar foilsíodh sa chéad leath den fichiú haois, agus dheamhan rud is deise liom ná teacht ar sheoid léitheoireachta sa siopa athláimhe i nGaillimh.
Blag níor chum Peadar ná Pól,
Ar phár a scríobh Pádraig a fhaoistin;
Ríomhaire atá ag sean agus óg,
’gus go mblagála an saol mór ‘Íbíotsa’.