‘Íbíotsa’ le Labhrás Ó Finneadha – Leabhar an Mheithimh ag ClubLeabhar.com 1 Meitheamh 2017 – Posted in: Nuacht

Is cúis áthais dúinn go bhfuil leabhar le Labhrás Ó Finneadha, Íbíotsa, roghnaithe ag ClubLeabhar.com mar leabhar na míosa seo.

Sraith gearrscéalta atá i gceist le Íbíotsa a bhaineann leis an saol ar an oileán Ibiza i lár na Meánmhara.  Tá réimse leathan carachtar le feiceáil tríd síos, idir óg agus aosta, idir Éireannaigh agus muintir an oileáin fhéin.  Nochtar daonnacht agus castacht na ndaoine i measc na scéalta, a chlúdaíonn mothúcháin éagsúla a mheallann an léitheoir isteach go dlúth.

Lascaine ar an leabhar:
Tá lascaine 25% ar fáil ar Íbíotsa an mhí seo, agus is féidir é a cheannach anseo>>

Nó is féidir é a cheannach i bhfoirm ríomhleabhair ón iliomad siopaí ríomhleabhar. Más maith leat é a fháil ó Amazon níl ort ach cliceáil anseo>>

Tá leagan closleabhair de Íbíotsa ar fáil saor in aisce ar Soundcloud má bhrúnn tú anseo>>

Is féidir éisteacht leis an bplé atá déanta ag ClubLeabhar.com thíos, agus an podchraoladh míosúil curtha suas acu cheana féin.

« Aon Scéal? – ‘An ríomhaire ilteangach’ faoi chaibidil
Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf! »