Hata Zú Mhamó agus Lá leis na Lochlannaigh ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 19 Deireadh Fómhair 2016 – Posted in: Nuacht

Tá Cois Life an-bhródúil go bhfuil dhá leabhar linne, Hata zú Mhamó le hÁine Ní Ghlinn, agus Lá leis na Lochlannaigh le Máire Zefp ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló i mbliana.

Foilsíodh céad leabhar Mháire, Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012. Tá Lá leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016) ag leanúint le scéal na bpríomhcharachtar céanna, Cormac agus Brídín, agus iad ag plé le heachtra nua stairiúil.

Bhí paisean don stair ag Máire riamh, rud a mheall go hOllscoil Oxford í mar mhac léinn, agus leis an leabhar seo is féidir leat samhlaíocht Mháire a bhlas go tréan. Cuireann léaráidí Olivia Golden go mór leis an leabhar, ag cruthú dúinn saol na Lochlannach i nDuibhlinn fadó agus é beo, bríomhar os ár gcomhair amach.

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Roinneann sí a cuid ama faoi láthair idir an scríbhneoireacht, léachtóireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna.

Bhuaigh Áine an iliomad duaiseanna don leabhar is déanaí léi, Daideo (Cois Life 2014): Gradam Réics Carló 2014, Duais CBI 2015, Duais LAI 2015. Is gaisce eile ag an údar é Hata Zú Mhamó agus tá closleabhar ar fáil ina theannta, le híoslódáil in aisce anseo!

——

 

« Gradam Réics Carló ag Hata zú Mhamó
Gailearaí: Seoladh Cinnlínte le Deaglán de Bréadún »