Guest-blog with Alex Hijmans – A fondness for ink 14 January 2014 – Posted in: Uncategorised, Guest blog

 Stories, when written down, turn into tattoos on a writer’s skin, Alex Hijmans writes in the first episode of his monthly guest blog on creative writing.

Tá an scéal ann le cuimhne na ndaoine. Go deimhin, is ionann ‘scéal’ agus ‘cuimhne na ndaoine’. Ar feadh na gcéadta míle bliain sula bhfuair an cine daonna amach go bhféadfaí focail a ghreanadh ar chloch, a scríobh ar phár, a bhreacadh ar pháipéar agus a chló ar scáileán, chuaigh scéalta ó bhéal go béal, ó ghlúin go glúin. Agus dá bharr sin, d’athraíodar i rith an ama: sin an fáth go mbíonn dhá leagan ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Ach le teacht chun cinn na scríbhneoireachta, d’éirigh linn greim níos daingne a fháil ar an rud luaineach seo ar a dtugtar scéal. A luaithe is bhíonn scéal greanta ar chloch (nó i gcló ar pháipéar) tá sé caomhnaithe dóibh siúd atá timpeall orainn anois agus dóibh siúd a thiocfaidh inár ndiaidh – ach tá níos mó i gceist le dúil an duine sa scríobh ná caomhnú na cuimhne.

Agus scéal á scríobh síos againn, tarlaíonn rud atá chomh soiléir sin nach smaoinímid air go minic: stopann an scéal ag forbairt. I mbéal an phobail nó in intinn an scríbhneora aonair, bíonn scéal ar nós leachta go dtí go gcuirtear i gcló é – ach ón nóiméad sin ar aghaidh, triomaíonn an leacht i bhfoirm dúigh ar an leathanach. Samhlaímse scéalta atá i gcló mar ghrianghraif. Cuma cé chomh beomhar is atá an íomhá féin, ní athróidh fráma, soilsiú, ná a bhfuil le feiceáil sa phictiúr go deo – gach rud reoite sa nóiméad a brúdh an cnaipe.

Ní féidir éalú ón rud atá i gcló. Agus sin, dar liom, an draíocht a bhaineann leis an scríbhneoireacht. Lena cheamara inmheánach, glacann an scríbhneoir grianghraf dá shamhlaíocht féin agus cuireann i láthair an tsaoil mhóir é: is ionann an dúil sa dúch agus an dúil atá sa duine é féin a nochtadh. Agus bí ag caint ar nocht: ón uair a bhíonn scéal i gcló, beidh sé ann go deo – mar a bheadh tatú ar chraiceann an scríbhneora.

Ar ámharaí an tsaoil, bíonn an dúil chéanna ag an gcine daonna sa ghliúcaíocht agus a bhíonn san fhéintaispeáint, nó ní bheadh léitheoirí ann. Tá cosúlacht áirithe idir an gcaidreamh idir an scríbhneoir agus an léitheoir agus an caidreamh idir beirt i seomra comhrá idirlín: toisc nach bhfeiceann siad a chéile, bíonn siad in ann a gcuid mothúchán is pearsanta, is rúnda, a roinnt. Ar ndóigh, tá difríocht shuntasach ann: caidreamh aontreoch a bhíonn idir an scríbhneoir agus an léitheoir.

Ní nós linn mórán machnaimh a dhéanamh ar na nithe seo, toisc go bhfágann siad ábhairín míchompordach muid. Ach céard eile atá sa scríbhneoireacht ná damhsa drúise? Cén fáth, meas tú, a mbíonn sé le rá ag léirmheastóirí ‘go n-éiríonn le scríbhneoir an léitheoir a mhealladh’?

Ar ndóigh, ní hé sin le rá gur ionann an scríbhneoireacht agus pornagrafaíocht. Ach mura n-osclaíonn an scríbhneoir an doras atá faoi ghlas, cén fáth a n-iompódh an léitheoir an leathanach? Riamh anall, bhí dlúthcheangal idir litríocht agus an rud ar a bhfuil cosc: ní haon chomhtharlúint é go mbíonn geis i gcroílár phlota scéalta na Rúraíochta agus na Fiannaíochta. Agus nach tráthúil gur ón bhfocal ‘geis’ a thagann an leagan ‘faoi gheasa’ – mar is faoi gheasa a bhíonn an scríbhneoir nuair a bhíonn sé i mbun pinn, agus is faoi gheasa a bhíonn an léitheoir nuair a bhíonn sé i mbun léitheoireachta.

Sin í an aidhm, pé scéal é. Níl rudaí chomh simplí sin. Próiseas casta atá sa scríbhneoireacht chruthaitheach, próiseas a thosaíonn, nach mór i gcónaí, leis an leathanach bán – ach sin ábhar na míosa seo chugainn.

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life.  Is féidir iad a cheannach anseo>>

 

« Scéal scéil: rúndiamhra na meán
The Ten Best Books in Irish »