Gearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain faoi chaibidil ag seimineár idirnáisiúnta ar-líne 10 Meán Fómhair 2020 – Posted in: Nuacht

Déanfar scrúdú úr agus athléamh ar Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain ag Seimineár Idirnáisiúnta Ar Líne a bheidh á óstáil i nGaeltacht na Gaillimhe Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2020 idir 1000-1600.
Glacfaidh seachtar saineolaithe as ceithre thír éagsúla páirt sa seimineár ar fhicsean gairid an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) arb as an gCnocán Glas, An Spidéal ó dhúchas é.
Beidh an seimineár á reáchtáil ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht i bpáirt le OÉ Gaillimh agus déanfar na himeachtaí ar fad a reáchtáil mar sheimineár gréasáin, ar a mbeidh freastal fíorúil amháin, de bharr na srianta reatha atá i bhfeidhm maidir le Covid-19.
Tá slí ann do chéad duine ag an seimineár gréasáin agus moltar áit a chur in áirithe gan mhoill.
Beidh deis ag léitheoirí na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear, freastal ar an seimineár ach clárú roimh ré ag an nasc seo: https://tinyurl.com/GearrscealtaMhairtinUiChadhain
Tá aird idirnáisiúnta nach beag ar an mórshaothar Cré na Cille (1949) ó chuir Cló Ollscoile Yale  leaganacha Béarla ar fáil den úrscéal: The Dirty Dust (2015), aistrithe ag Alan Titley, agus Graveyard Clay (2016), aistrithe ag Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson. Is féidir Cré na Cille a léamh sna teangacha seo a leanas anois: Ioruais, Danmhairgis, Béarla, Dúitsis/Ollainnis, Gearmáinis, Seicis, Iodáilis, Cróitis, Ungáiris, Tuircis agus Tamailis.
Tá fáil anois ar The Dregs of the Day (Yale University Press, 2019), leagan Béarla a rinne an scríbhneoir agus an scoláire Alan Titley den nóibhille Fuíoll Fuine agus a foilsíodh den chéad uair sa chnuasach gearrscéalta An tSraith dhá Tógáil (Sáirséal agus Dill, 1970).
Dúirt an tOllamh Louis de Paor, OÉ Gaillimh:
‘Tá oidhreacht shaibhir liteartha ag an gCadhnach agus tá scagadh domhain agus ábhar plé i gcónaí sa chorpas gearrscéalta ach go háirithe. Is sna gearrscéalta is léire a fheictear mearbhall na nua-aoise agus coimhlint an duine leis féin, le córais agus le smaointeachas den uile chineál. Is tábhachtaí anois ná riamh go leanfaí den taighde ar Mháirtín Ó Cadhain agus go bhféachfaí leis an léirmhíniú a dhéanamh sa chomhthéacs idirnáisiúnta.’
Dúirt an foilsitheoir agus scríbhneoir, Mícheál Ó Conghaile, CIC:
‘Tá teacht ar fhormhór mór shaothar Uí Chadhain i nGaeilge, a mhórshaothar Cré na Cille i mBéarla agus teangacha eile, agus de réir a chéile tá aistriúchán á dhéanamh ar fhicsean eile dá chuid. Oscailt súl atá ann do léitheoirí idirnáisiúnta an grinneas sa tabhairt faoi deara agus an léargas a thugtar ar chás an duine i dtéacsanna nach raibh rochtain acu cheana orthu. Tugann an spéis idirnáisiúnta seo orainn filleadh ar na buntéacsanna agus léamh nua úr a dhéanamh ar scoth na scéalaíochta.’
Tá teacht ar Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta (CIC, 2014), arna chur in eagar ag Louis de Paor, ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht: https://www.cic.ie/books/published-books/mairtin-o-cadhain-rogha-scealta

CLÁR

Gearrscéalta Uí Chadhain
Seimineár Idirnáisiúnta Ar Líne
18 Meán Fómhair 2020

« Bí linn inniu ar YouTube don Seimineár ar Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain
Scéim Scríbhneoir Cónaithe Baile na Gaeilge ag Áras na Scríbhneoirí Gaeilge »