An Fuíoll Feá – le Liam Ó Muirthile aistr. Gabriel Rosenstock (Cois Life, 2013) 16 Samhain 2013 – Posted in: Seoltaí leabhar

Mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath 2013, rinneadh ceiliúradh Dé Sathairn 16 Samhain ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems le Liam Ó Muirthile, aistrithe ag Gabriel Rosenstock. Sa taifead seo ón gceiliúradh, léann Liam an dán ‘Fómhar’ as an gcnuasach agus ina dhiaidh sin léann Gabriel Rosenstock an t-aistriúchán a rinne sé ar an dán agus míníonn sé an cur chuige aistriúcháin a tharraing sé chuige chun plé leis an dán áirithe seo.

Ar an lá, sheinn Iarla Ó Muirthile dreasanna ceoil den scoth mar anlann leis an bhféasta focal.

Leis an leabhar bog nó crua (agus CD fuaime ina theannta) a cheannach, brúigh anseo >>

« Na Deich Leabhar Gaeilge is Fearr …
Olivia Golden – saothar maisithe léi le feiceáil in IMMA »