Foclóirí agus pictiúrleabhair do pháistí óga 7 Meán Fómhair 2023 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: ,

Agus an t-am le filleadh ar an scoil buailte linn arís, tá leabharliosta curtha le chéile anseo againn do na páistí óga agus iad ag á dtógáil le Gaeilge nó ag foghlaim Gaeilge.

Tá leabhair anseo do thuismitheoirí atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile, foclóirí simplí lándaite agus pictiúrleabhair a mbainfidh gasúir óga taitneamh astu.

Do na páistí óga

Cover image of the book Collins First Irish DictionaryCollins First Irish Dictionary
Tá an “Collins First Irish Dictionary” curtha in oiriúint do pháistí óga agus tugann sé an leagan ó Bhéarla go Gaeilge ar fhocail shimplí. Tá léaráidí ag dul tríd an leabhar agus  tá an téacs scríofa go soiléar, simplí.

 

 

Gaschaint: Frásaí Gaeilge ó Cheann an Lae
Clúdach an leabhair Gaschaint. Áis do dhaoine atá ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh ar chaint na Gaeilge go laethúil. Leabhar 2,000 frásaí agus taifeadah fuaime de na frásaí sin uile ar fáil ar www.gaschaint.ie fresin.  Áis iontach atá ann dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann ó í a chleachtadh sa seomra ranga.  Leaganacha ó na trí mhórchanúint atá sa leabhar agus dathchódú déanta orthu. An-chúnamh le fáil sa leabhar seo ó thaobh na cainte dhe agus an chaint laethúil.

 

 

Bíonn Carló ag Léamh
Clúdach an leabhair Bíonn Carló ag LéamhIs leabhar aoibhinn scéalaíochta é Bíonn Carló ag Léamh do léitheoirí óga. Tá sé lán le scéalta mealltacha, spreagann sé páistí chun tumadh isteach i saol na léitheoireachta agus iad ag foghlaim na Gaeilge.

 

 

 

Mo Chéad 100 Focal Gaeilge


Dóibh siúd atá ag tógáil a gcéad chéimeanna leis an nGaeilge, cuireann Mo Chéad 100 Focal Gaeilge stór focal lárnach ar fáil trí léaráidí bríomhara. Éiríonn an fhoghlaim spraíúil agus idirghníomhach leis an ngeam ildaite seo.

 

 

 

Cuir Focal Air: 400 Focal do Pháistí Óga
Sa leabhar seo tá breis agus 400 focal agus Innéacs aibítreach. Tá na focail sa leabhar curtha i láthair an pháiste ar bhealach suimiúil speagúil, rud a chabhróidh leis iad a fhoghlaim go héasca.

 

 

 

Leabhar Míreanna Mearaí Bia
Sraith leabhar míreanna mearaí  a chuideoidh le bunscileanna a chleachtadh sa naíonra nó sa bhaile: an comhaireamh, agus cruthanna agus dathanna a aithint.

 

 

Pictiúrleabhair ina bhfuil sé amhráin Ghaeilge istigh ann agus is féidir éisteacht leo. Brúigh an cnaipe sa leabhar agus éist leis an amhrán.
« An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn
Lascaine 50% ar leabhair na bhFlaitheartach »