Físeáin nua sa tsraith Rang Beag Scríbhneoireachta 28 Meán Fómhair 2021 – Posted in: Nuacht, Scríbhneoireacht – Clibeanna:

Rang Beag Scríbhneoireachta

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal aoiscríbhneoirí, físeáin nua a fhoilsiú mar chuid den tsraith ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’, ag tosú ar an gCéadaoin, 29 Meán Fómhair, 2021. Gach seachtain, beidh ceacht i gceird na scríbhneoireachta á eisiúint ar-líne againn anseo ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus ar chainéal YouTube Chló Iar-Chonnacht. Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte sa gcuid seo den tsraith ná, Eithne Ní Ghallchobhair, Jackie Mac Donncha, Áine Uí Fhoghlú, agus Ciara Ní É.

Díreofar ar ghné amháin de cheird na scríbhneoireachta i ngach eagrán. Cuirfidh físeán leis an scríbhneoir agus scéalaí, Eithne Ní Ghallchobhair, tús leis an tsraith ar an gCéadaoin, 29 Meán Fómhair, agus comhairle aici sa bhfíseán maidir le cleachtas scríbhneoireachta a thosú agus a fhorbairt.  Físeáin ghairide atá i gceist leis na ranganna beaga scríbhneoireachta. Tugann gach   scríbhneoir sa tsraith comhairle maidir le gné faoi leith den scríbhneoireacht agus tugann siad  leideanna faoin gcur chuige a bhíonn acu féin.

An aidhm atá le gach físeán ná go mbeadh an té a bhreathnódh air in ann foghlaim uaidh agus an chomhairle a úsáid ina gcuid scríbhneoireachta féin.

Sceideal:

Dé Céadaoin, 29 Meán Fómhair: Eithne Ní Ghallchobhair – ‘Bí ag Scríobh’

Dé Céadaoin, 06 Deireadh Fómhair: Jackie Mac Donncha – ‘Carachtair & ag athchúrsáil focal’

Dé Céadaoin, 13 Deireadh Fómhair: Áine Uí Fhoghlú – ‘Do thaithí féin agus taighde’

Dé Céadaoin, 20 Deireadh Fómhair: Ciara Ní É – ‘Conas dán a reic’

 

Beidh na físeáin le feiceáil gach seachtain sa rannóg nuachta ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht ag www.cic.ie agus ar chainéal YouTube Chló Iar-Chonnacht.

Rang Beag Scríbhneoireachta - scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte sa tsraith

Rang Beag Scríbhneoireachta 2021
Sraith nua físeán mar chuid de Rang Beag Scríbhneoireachta le Cló Iar-Chonnacht 2021
« Leabhar nua le Áine Ní Chonghaile ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana
Seimineár Bhreandáin Uí Eithir »