Éagóir film secures investment 13 July 2016 – Posted in: Uncategorised

Dea-scéal an lae inné ná go bhfuil comhlacht léirithe ROSG tar éis maoiniú a fháil chun scannán Éagóir a chur le chéile bunaithe ar leabhar Sheáin Uí Chuirreáin a d’fhoilsigh muid i mbliana. Is iad ROSG a léirigh An Bronntanas (Tom Collins, 2014) agus Cré na Cille. Tá ríméad orainn agus muid ag súil go mór lena léiriú ar scéal dhúnmharaithe Mhám Trasna.

Yesterday, we heard the fantastic news that ROSG are to receive funding to produce a feature-length film, based on Seán Ó Cuirreáin’s Éagóir, which we published earlier this year. ROSG have previously produced An Bronntanas and Cré na Cille among others, and we can’t wait to see what they do with the story of the Maamtrasna Murders.

Scéal dramatúil agus truamhéalach atá in Éagóir: crochadh Maolra Sheáin Seoighe go héagórach ar an 15 Nollaig 1882 i bPríosún na Gaillimhe. Rinne an crochadóir, William Marwood, praiseach dá bhás mar a tuairiscíodh in The Belfast News-Letter:

‘the rope oscillated violently, and Marwood could be seen for several minutes afterwards pushing down on the body with his foot and stooping down to do something – it could not be seen what – with the noose.’ 

The dramatic and pitiful death of Maolra Sheáin Seoighe as reported in The Belfast News-Letter, after he was wrongfully hanged on the 15 December 1882 in Galway Prison.

Records of a statement made by the hangman, Marwood, survive:

‘…he did not suffer anything any more than the others. He was a wild bad-looking fellow and kept jabbering and talking… there was enough force on the rope to finish him in very little time. He was dead as soon as the others although the doctor says he was strangled.’

Maolra Sheáin Seoighe.

© An Leabharlann Náisiúnta / © National Library of Ireland

Ar a suíomh idirlín féin agus ar na meáin shóisialta, rinne ROSG an dea-scéal seo a fhógairt:

Tá ROSG an-sásta a fhógairt go bhfuil tacaíocht faighte acu ón Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) faoin scéim Sound & Vision, chun fadscannán faisnéise a fhorbairt do TG4 bunaithe ar an leabhair iomráiteach nua scríofa ag Seán Ó Cuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna.

Féach ar an ráiteas iomlán ar ROSG.ie: http://www.rosg.ie/ie/news/Maoini_faighte_ag_ROSG_chun_fadscannn_agir_a_fhorbairt_69/ In alt ar Tuairisc.ie deirtear:

Tá maoiniú €299,000 ceadaithe ag an BAI don chomhlacht ROSG chun fad-dráma faisnéise a dhéanamh de Éagóir, leabhar Sheáin Uí Chuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna.

Buiséad de nach mór €500,000 a bheidh ag Murdair Mhám Trasna nuair a chuirtear san áireamh an maoiniú a bheidh ar fáil dó ó TG4 féin agus ó scéim chánach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is féidir an t-alt ar fad seo a léamh ar Tuairisc.ie ach cliceáil anseo.

Is féidir an leabhar cló a cheannach ón suíomh seo chun an scéal ar fad a léamh: https://cic.ie/product/eagoir.

« Two Cois Life books make the autumn list of ClubLeabhar.com
Spotlight: An tIriseoir and the writer (blog in Irish) »