Aoi-bhlag Alex Hijmans – Dúshláin a bhaineann le scríbhneoireacht i nGaeilge 29 Deireadh Fómhair 2014 – Posted in: Gan chatagóir

The market for books in Irish is limited – but should a writer worry about sales in the first place? Alex Hijmans asks in the tenth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Tháinig ráiteas bliantúil maidir le díolacháin mo chuid leabhar sa ríomhphost an lá faoi dheireadh. Bíonn drogall áirithe ar scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge figiúirí díolacháin a phlé go poiblí, ach measaim gur fiú sin a dhéanamh anseo toisc gur cheart go mbeadh tuiscint réadúil ar an margadh ag aon duine a bhfuil sé ar intinn aige nó aici tabhairt faoi scríbhneoireacht fhicsin nó neamhfhicsin i nGaeilge.

Le bliain anuas, díoladh 140 cóip de Splancanna ó shaol eile, leabhar grianghrafadóireachta agus aistí de mo chuid a foilsíodh anuraidh. Sin dhá scór níos lú ná mar a dhíol m’úrscéal Aiséirí, ceithre scór níos lú ná mar a dhíol mo leabhar neamhfhicsin Favela agus céad agus a haon chóip níos lú ná mar a dhíol mo chnuasach gearrscéalta Gonta sa chéad bhliain ar an margadh dóibh. Ní cúis dhíomá é seo dom, áfach, toisc go bhfuil sé faighte amach agam ó na ráitis bhliantúla seo go mbíonn díol réasúnta seasta ar mo chuid leabhar fiú agus cúpla bliain ar an margadh acu. Fiú agus cúig bliana sna siopaí ag Favela, díoladh 34 chóip den saothar sin anuraidh. Agus bhí lúcháir orm a fheiceáil gur díoladh 62 chóip d’Aiséirí le bliain anuas – a dhá oiread agus a díoladh den leabhar sin an bhliain roimhe.*

Idir 140 cóip (Splancanna ó shaol eile) agus 241 cóip (Gonta) sa chéad bhliain ar an margadh, cúpla scór cóip in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin – gach uile sheans go bhfuil daoine ann a gcuirfeadh na figiúirí seo lagmhisneach orthu. Ní chuireann ormsa, áfach. Is mór an méad 241 leabhar: bheadh trioblóid ort iad ar fad a chur i gcúl do chairr. Agus is mór an líon daoine iad 140 léitheoir: líonfá halla pobail leo.

An té a chuireann an dua air nó uirthi féin leabhair a scríobh i nGaeilge, ní mór dó nó di a bheith réadúil faoi chúrsaí. Tá an margadh teoranta – cé nach bhfuil sí baileach chomh teoranta agus a shamhlaigh mé féin, iriseoir soiniciúil, sular thosaigh mé ag fáil na ráiteas bliantúla seo ó Cois Life. Tá léitheoirí ann – agus is dream iontach agus dílis iad. Is iomaí ríomhphost díreach ón gcroí atá faighte agam síos tríd na blianta ó dhaoine nach bhfuil aon aithne agam orthu, is minic a ghealann tuít gan choinne ina moltar ceann de mo chuid leabhar mo lá, bhí idir ionadh agus lúcháir orm nuair a chuir grúpa léitheoireachta in oirdheisceart na tíre grianghraf chugam ina raibh cóip de Favela ina ghlac ag gach ball den chumann. An t-aiseolas dearfach seo nach bhfuil coitianta in aon chor i saol na hiriseoireachta ach a bhaineann go dlúth, is léir, le scríbhneoireacht leabhar, éascaíonn sé saol an údair a mbíonn a fhios aige nach ndíolfar ach cúpla céad cóip dá chuid saothar.

Ar scáth a chéile a mhaireann an scríbhneoir agus an léitheoir Gaeilge. ‘Murach do leithéidse, ní bheadh aon rud le léamh ag mo leithéidse,’ a dúirt léitheoir as oirthear na tíre liom tráth. Sin í an fhírinne ghlan ar ndóigh – cé go bhfuil súil agam nach gceannaíonn éinne mo chuid leabhar díreach toisc gur leabhair Ghaeilge iad.

Tugaim faoi deara, ar athléamh na míre seo dom, nach bhfuil freagra tugtha agam ar an gceist úd a chuirtear orm ar a laghad sé chéad agus a seachtó seacht míle uair gach babtha a thugaim camchuairt phoiblíochta timpeall na hÉireann do shaothar nua: ‘Cén fáth gur i nGaeilge a scríobhann tú do chuid leabhair?’ Is dócha nár rith sé liom an cheist sin a fhreagairt go dtí anois toisc nach ceist domsa í in aon chor. Scríobhaim ficsean agus neamhfhicsean i nGaeilge (agus i dteangacha eile) toisc go bhfuil scéal le hinsint agam, sin uile. Agus sin go deimhin an t-aon chúis amháin gur cheart do scríbhneoir ar bith dul i mbun pinn. Má ardaíonn an scríbhneoireacht féin do chroí agus d’anam, má bhíonn tú cinnte go gcomhlíonann an saothar críochnaithe do chuid spriocanna féin, cén fáth a mbeifeá buartha faoi fhigiúirí díolacháin?

Dúshláin eile
Bíonn ar an scríbhneoir Gaeilge aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile, dúshláin a bhaineann leis an teanga féin. Seo achoimre ar chuid acu.

Canúint nó caighdeán?
Is minic a bhíonn ceist na gcanúintí ina céasadh do scríbhneoirí – ach ní gá. Cloíonn formhór na bhfoilsitheoirí Gaeilge leis an gCaighdeán agus – dar liomsa – is maith sin. ‘Gaeilge na leabhar’ a thugtar ar an gCaighdeán sa Ghaeltacht go fiodmhagúil ach is maith ann í, óir cinntíonn sí gur féidir le léitheoirí ó cheann ceann na tíre an leabhar céanna a léamh gan stró. Mar sin féin, tá spás san fhicsean do na canúintí: sa chaint. Ní hé sin le rá go bhfuil sé inmholta do chuid carachtar a chur ag spalpadh leaganacha cainte réigiúnda gan srian – bíonn blas ar an mbeagán.

Téarmaíocht
Luath nó mall, agus an scríbhneoir Gaeilge i mbun pinn, tiocfaidh ceist théarmaíochta éigin aníos. Ar ndóigh is iomaí áis, idir fhoclóirí agus shuíomhanna idirlín, atá ar fáil sa lá atá inniu ann – ach is í bun agus barr na ceiste ná: an dtuigfidh an léitheoir é? San fhicsean ach go háirithe, más féidir téarmaíocht theibi nach bhfuil cleachtadh ag léitheoirí uirthi a sheachaint is amhlaidh is fearr é; muna bhfuil an dara rogha ann, bíodh an téarma nuachumtha soiléir ón gcomhthéacs.

Léigh an téacs amach os ard
Léim rud ar bith a scríobhaim i nGaeilge amach os ard. Éascaíonn glórtha an bhogearra Ghostreader mo shaol i gcás mo chuid scríbhneoireachta i mBéarla agus in Ísiltíris, ach is baolach nach bhfuil bogearra sásúil ‘téacs-go-caint’ ar fáil don Ghaeilge fós (má bhíonn, cuirigí ar an eolas mé!) Is é an chaoi ná go mbíonn an chluas níos níos éifeachtaí ná an tsúil sa chuid dheireanach den phróiseas eagarthóireachta, nuair a chaithfear botúin ghramadaí, comhréire agus litrithe a aimsiú.

Cabhair
Má bhíonn ceist theanga agat nach féidir leat féin a fhreagairt – bíodh téarmaíocht, gramadach nó leagan cainte i gceist – ná bíodh leisce ort cabhair a lorg ó chainteoir a measann tú go mbeadh an freagra sin aige nó aici. Níl aon náire ag baint le cúnamh a iarraidh. Bíonn mo chairde féin á gcéasadh agam nach mór go laethúil – ní amháin mo chairde Gael ach cainteoirí Ísiltírise agus Béarla chomh maith. Agus ní drochrud é in aon chor go mbeadh do chairde ar an eolas go bhfuil togra litríochta idir lámha agat: gach seans go ndíolfaidh tú cúpla cóip sa bhreis nuair a fhoilseofar é!

Cruachóipeanna amháin atá san áireamh sna figiúirí atá luaite agam sa bhlag seo; níl briseadh síos de réir saothair ar fáil do dhíolacháin na ríomhleabhar.

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life.

« Daideo abú! Daideo le hÁine Ní Ghlinn (Cois Life 2014)
Seoladh Ár dTéarmaí Féin agus Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana »