Duaiseanna – The Irish Book Awards 14 Samhain 2010 – Posted in: Gan chatagóir

Ábhar machnaimh…

Fógraíodh na buaiteoirí sna Irish Book Awards le déanaí agus bhí sé suntasach arís nach raibh aon leabhar Gaeilge san iomaíocht ná aon chatagóir ar leith le haghaidh leabhar as Gaeilge. Gan amhras is sna na duaiseanna liteartha san Oireachtas is mó a mbíonn spéis ag ‘lucht leabhar’ na Gaeilge, idir fhoilsitheoirí agus léitheoirí araon – Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carló. Ar an gcéad amharc, ba dhóigh le duine nár leor na duaiseanna seo mar go mbíonn siad teoranta do shaol na Gaeilge agus b’fhéidir gurbh fhearr aird an phobail mhóir a tharraingt ar a bhfuil á fhoilsiú sa Ghaeilge.

Ar an taobh eile, is gnó ann féin é na Irish Book Awards, gnó atá á riaradh ag comhlacht a bunaíodh d’aon ghnó le hairgead a thuilleamh dó féin. Tá a rian sin ar na ‘duaisanna’; ní bhronntar seic ar bith ar bhuaiteoir ar bith – ní fhaigeann siad ach an gradam. Ní leor é sin ach an oiread…

« Aiséirí – Alex Hijmans (2011)
Ríomhleabhair Ghaeilge »