Discount of 20% on school orders 31 August 2016 – Posted in: Special offers
Ag ullmhú don scoilbhliain nua? Tá Cois Life ag cur lascaine 20% ar fáil do scoileanna ar orduithe ar 25 gcóip nó níos mó. Is féidir ordú a dhéanamh trí ghlaoch a chur ar 01-2190223 nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@coislife.ie Cois Life are providing a 20% discount on orders of 25 copies or more received from schools. Orders can be made by phone 01-2190223 or by email to eolas@coislife.ie. —–
Na ceithre leabhar is fearr do bhunscoileanna / The four best books for primary schools:
Cén t-am é le Siobhain Grogan. €9, ISBN: 978-1-901176-90. Aois: Naíonáin Mhóra–Rang 1. Ag iarraidh an t-am a mhúineadh, agus sceideal an lae? Is féidir rang ar leith a bhunú ar an leabhar taitneamhach, idirghníomhach seo. Agus táimid ar sceitimíní ag fanacht ar a céad leabhar eile*, Cillian ag Comhaireamh – amuigh i mí Feabhra 2017! A unique way of teaching the time. Classes can be based on this interactive and enjoyable book. We’re thrilled to give a little ‘Sneak peek’ of Olivia Golden’s brilliant artwork from Siobhain’s new counting book out in February: Cé mhéad duine atá sa charráiste seo, dar libh?
Hata zú Mhamó le hÁine Ní Ghlinn. €7, ISBN: 978-1-907494-60-4. Aois: Rang 3–Rang 5. Eachtra loinneach sa zú, leabhar éadrom, ach is féidir é a úsáid chun fadhbanna na seanaoise a phlé. Ó údar mór-ráchairte. Fun and exciting adventure to the zoo that can be used to sympathetically discuss old age. From an acclaimed author.
Lá leis na Lochlannaigh le Máire Zepf. €8, ISBN: 978-1-907494-55-0. Aois: Rang 4–Rang 6. Cúnamh iontach ar mhúineadh stair na Lochlannach. Is cinnte nach mbeidh leadrán ar na daltaí agus iad ag taisteal siar go Duibhlinn na Lochlannach. Foirfe mar ullmhúchán do thuras scoile chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann. Agus, más spéis libh, tá an t-údar ar fáil do cheardlanna scoile. The perfect way to teach Viking history but minus the boredom! Preparing for a trip to the National Museum in Dublin or Castlebar? And author Máire Zepf is also available for workshops.
Ceist eile agam ort! le Fionnuala Cloke. €8, ISBN: 978-1-907494-51-2. Aois: Rang 5–Rang 6. Ábhar spraoi ag teastáil? Leabhar thráth na gceist lándaite den scoth. A book that takes a fun and playful approach to quizzes that would be perfect for the classroom.
Na ceithre leabhar is fearr d’iarbhunscoileanna / The four best books for post-primary:
Hurlamaboc le hÉilis Ní Dhuibhne. €10, ISBN: 978-1-901176-62-9. Leabhar ardteiste. Ar mhaith libh Hurlamaboc a roghnú mar d’úrscéal ardteiste? Cén fáth nach ndéanfá? Scéal spleodrach a mbainfeadh daltaí suim as agus é ag dul i ngleic le hÉirinn an 21ú aois. Perfect choice of novel for the Leaving Cert course. An exciting bestseller that explores teenagers coming to terms with modern Ireland. Hard to believe something so relevant is on the curriculum! A long way from Peig…
Daideo le hÁine Ní Ghlinn. €6, ISBN:978-1-907494-42-0. Aois: Ón gcéad bhliain–Idirbhliain. Teanga shimplí, ach scéal lán le teannas. Agus ar fáil saor in aisce mar chlosleabhar anseo! Gradam Réics Carló agus Gradam CBI Ireland. Deis iontach na páistí a chur ag éisteacht ar ghléas ar bith, a chuirfeadh lena líofacht teanga. This multi-award winning book is perfect for classroom discussion whilst also being available as free audiobook to improve the reading experience.
Tóraíocht Taisce le Micheál Ó Ruairc. €8, ISBN: 978-1-907494-28-4. Aois: Ón gcéad bhliain–Tríú bliain. Úrscéal eachtrúil atá in oiriúint do dhaltaí ón gcéad bhliain go dtí an tríú bliain. An adventure novel that would be suitable for first years students through to Junior Certs.
Dialann Sár-Rúnda le Siobhán Parkinson. €10, ISBN: 978-1-901176-78-0. Aois : Dara bliain – Idirbhliain. Bainfidh an múinteoir féin spraoi as an seoidín seo de leabhar ó Shiobhán Parkinson, Laureate na nÓg 2010-2012 agus scéalaí den scoth. Agus is féidir togra a bhunú air, blag nó dialann le scríobh ag na daltaí. Foirfe don idirbhliain. This gem of a teenager’s diary is from Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg 2010-2012 and even teachers will find themselves gripped by it. It could be used as inspiration for classroom diaries, blogs or other writing activities. Ideal for a transition year class.