Dinnseanchas 2024 ag Cúirt 15 Aibreán 2024 – Posted in: Nuacht, Agallaimh – Clibeanna: , , ,

Dinnseanchas 2024 ag Cúirt

Dinnseanchas – The Lore of Places

Agallamh poiblí agus saothar nua le Mícheál Ó Ruairc agus Bríd Ní Mhóráin i gcomhrá le Micheál Ó Conghaile.

Dáta: Dé hAoine, 26 Aibreán, 2024
Am: 16.00 – 17.00
Fad: 60 nóiméad

Fear an Tí:
Micheál Ó Conghaile

Aoi-scríbhneoirí: 
Mícheál Ó Ruairc & Bríd Ní Mhóráin

 

Mícheál Ó Ruairc and Bríd Ní Mhóráin who will participate in the Dinnseanchas event at Cúirt.

Dinnseanchas – seo tionscadal ar cuireadh tús leis dornán blianta ó shin le nasc a chruthú idir scríbhneoirí Gaeilge Gaeltachta as Éirinn agus scríbhneoirí Māori na Nua-Shéalainne chun iniúchadh a dhéanamh ar an dinnseanchas: miotais, an tírdhreach, an béaloideas agus an stair choilíneach atá coitianta inár gcultúir éagsúla agus mar a thagann na gnéithe sin chun cinn ina saothar cruthaitheach scríbhneoireachta.

Cuireadh tús leis in 2021, agus tá seisear scríbhneoir coimisiúnaithe go dtí seo ag an tionscadal seo chun a gcleachtas a roinnt agus saothar nua a fhorbairt. Is é seo an tríú céim den tionscadal, agus beidh saothar cruthaithe ag Mícheál O Ruairc agus Bríd Ní Mhorain mar chuid de.

I gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta, Cló Iar-Chonnacht agus WORD Christchurch.

Dinnseanchas is a project inspired by the lore of places, bringing together writers from Ireland and New Zealand to delve into powerful connections between our cultures, landscapes, mythologies and colonial histories. Beginning in 2021, this project has so far commissioned six writers to share their practice and develop new work. This is the third phase of the project and will feature work created by Mícheál O Ruairc and Bríd Ní Mhóráin.

In partnership with Ealaín na Gaeltachta, Cló Iar-Chonnacht and WORD Christchurch.

Ticéid ar fáil anseo.

« 95 Cluiche Drámaíochta
Ceardlann idirnáisiúnta do scríbhneoirí Gaeilge ar-líne »