Diarmuid Ó Gráinne (1950-2013) RIP 31 Lúnasa 2013 – Posted in: Nuacht

Diarmuid Ó Gráinne (1950-2013) RIP

Bualadh aos liteartha na hÉireann go dona an tseachtain seo. Ní hamháin gur cailleadh príomhfhile Bhéarla na hÉireann, Seamus Heaney, ach cailleadh beirt údar Gaeilge chomh maith: Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmuid Ó Gráinne. Bhí go leor sna meáin Bhéarla faoin bhfathach filíochta atá ar lár, agus roinnt mhaith faoi Mhaidhc Dainín chomh maith ach ba mhaith le Cois Life ár gcloch bheag féin a chur ar charn Dhiarmuid Uí Ghráinne anseo.

Cainteoir dúchais Gaeilge as Aill an Phréacháin sna Forbacha i gContae na Gaillimhe ba ea Diarmuid Ó Gráinne. I 1950 a rugadh é. D’fhreastail sé ar Choláiste Éinde sa Ghaillimh (1963-68) agus ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach (1968-70) áit ar bhuaigh sé Duais Uí Mhaolónaigh sa stair. Is le linn dó bheith ina mhac léinn ansin a spreag Séamus Ó Mórdha, Ollamh le Gaeilge sa Choláiste, i mbun pinn é. Ina dhiaidh sin d’fhreastail Ó Gráinne ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (1976-79) le staidéar a dhéanamh ar an stair, ar an bpolaitíocht agus ar an mBéarla.

I measc a chuid leabhar bhí An Dá Mháirtín (Comhar, 1990), saothar léirmheastóireachta ar ghearrscéalta Uí Chadhain. Léirigh an saothar seo an spéis a bhí aige sa tsíceolaíocht. An bhliain dar gcionn foilsíodh úrscéal leis An Tramp (An Clóchomhar 1991), saothar a raibh duairceas áirithe ag roinnt leis. Is mar seo a chuir critic amháin síos ar ábhar an leabhair:

Fear óg is ea an traimp a fhágann Cois Fharraige i lár na 1970í agus a dhéanann aistear trí bliana trí Shasana, trín Fhrainc agus trín Ghearmáin. Tá bliain caite aige ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach is ag sclábhaíocht ar láithreáin tógála, mar oibrí in ospidéal, i bhfíonghort agus i monarcha a chaitheann sé na blianta corraitheacha seo. Mar gheall ar a óige, mar gheall ar an teacht aniar atá sa scéalaí, agus an stíl bheoga lán mionphictiúir agus cuntais ar na carachtair a chastar air, is mó is cosúil le seánra an “scannán bóthair” é ná le seánra dírbheathaisnéis na féintrua. …

An bhliain chéanna nó an bhliain roimhe bhí na leabhair seo againn ó úrscéalaithe nua eile – The South le Colm Tóibín, Cowboys and Indians le Joseph O’Connor, Surrogate City le Hugo Hamilton, chomh maith leis an úrscéal mór Amongst Women ón scríbhneoir bunaithe John McGahern. An imirce mar théama iontu ar fad, téama nár síleadh a bheadh tráthúil arís blianta beaga ó shin. [Éilís Ní Anluain, The Irish Times 23 Lúnasa 2011]

Úrscéalta dírbheathaisnéisiúla eile ar shlí a bhí in Cloch Scoiltí (Coiscéim, 2002) agus An Drochshúil (Coiscéim, 2009) agus ní rófhada ón seánra céanna a bhí an t-aistriúchán a rinne sé ar  L’Étranger le hAlbert Camus a foilsíodh faoin teideal An Strainséara (Coiscéim, 2012). Níorbh ionann an scéal i gcás Muintir na Coille (Coiscéim, 2011) áfach – bhí achar ealaíonta idir Ó Gráinne agus príomhcharachtar an leabhair – toisc gur bean a bhí inti, b’fhéidir. Mheas Darach Ó Scolaí faoin úrscéal seo gurb é ‘an t-úrscéal is fearr a suitear i gConamara é o aimsir an Chadhanaigh i leith.

Bhí an-spéis ag Ó Gráinne riamh sa dírbheathaisnéis mar shéanra scríbhneoireachta agus chuir sé eagar ar dhá leabhar i nóchaidí an chéid seo d’imigh tharainn bunaithe ar ábhar a bhailigh sé ó bheirt sa Ghaeltacht: A Scéal Féin: Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin (Coiscéim, 1995) agus Peait Phádraig Tom Ó Conghaile: A Scéal Féin (Coiscéim, 1997). Ar bhealach d’fhéadfaí a áiteamh gur fhaoina dtionchar siúd a thug sé faoin tsraith trí imleabhar Ó Rinn go Sáil 1-3 (Coiscéim, 2010, 2012, 2013), dialanna dírbheathaisnéisiúla ina meascadh cur síos ar shaol na tuaithe agus na feirmeoireachta agus a chuid smaointe polaitíochta agus intleachtúla féin.

Sa chnuasach filíochta Spéir Thoirní (Coiscéim, 1993) chruthaigh sé pictiúr den seansaol don léitheoir agus rianaigh sé a shinsear siar ina áit dhúchais féin. Ba gheall le caoineadh é an leabhar seo, caoineadh ar stair phearsanta an duine, ar an stair áitiúil, ar an óige, agus ar chuimhní an duine ar gach dá dtugann sé grá dó. Ar na cnuasaigh filíochta eile a d’fhoilsigh sé bhí: Spealadh an Drúchta (Coiscéim, 1995) agus Coill Chríon na bhForbacha (Coiscéim, 2001)

Bhí an caitheamh i ndiaidh an ama atá thart ina shaintréith dá chuid scríbhneoireachta. Nuair a foilsíodh a chnuasach gearrscéalta Céard a Dhéanfas Tú Anois (Coiscéim, 1997) thiomnaigh sé do Mháire Mhac an tSaoi é ar an mbonn gurb í a t-aon duine in Éirinn a thuigfeadh é. Cruachás an ealaíontóra agus é an sracadh leis an saol ab ea an téama láir sa chnuasach.

Anuas orthusan ar fad bhí roinnt mhaith leabhar faisnéise, ina measc: Doirse Éalaithe (Coiscéim, 2004), cur síos ar na húdair ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air; Fágann Marbh Láthair (Coiscéim, 2006), faoi dhúnmhaithe cáiliúla; An Dorn Iata (Coiscéim, 2007), leabhar faisnéise ar stair na dornálaíochta i gcoitinne agus in Éirinn go háirithe; Cúba agus Castró (Coiscéim, 2009), leabhar faisnéise agus staire. Leabhar eile a léirigh a shainspéis sa pholaitíocht ba ea an t-aistriúchán go Gaeilge a rinne sé ar bhunleabhar Caroline Seaward Karl Marx (Coiscéim 1993). Ar na foilseacháin ba spéisiúla sa réimse seo, b’fhéidir, bhí an dá leabhar a raibh baint aige leo sna nóchaidí luatha: An Cultur agus an Duine (1993) a chuir sé ina eagar le Dáithí Ó hÓgáin, agus An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht (1992) a chuir Ciarán Ó Coigligh in eagar bunaithe ar shraith léachtaí ilúdair a d’eagraigh Ó Gráinne. Bhí an dá leabhar sin bunaithe ar ócáidí a reáchtáladh thar ceann Chraobh na hÉigse de Chonradh na Gaeilge. Coiscéim a d’fhoilsigh.

Le tamall de bhlianta anuas bhí Ó Gráinne ag feirmeoireacht i gCo. Ros Comáin fad a lean sé ag scríobh. D’fhoilsigh Coiscéim úrscéal eile leis i mí Iúil 2013, Aois na nIontas.


« Olivia Golden – saothar maisithe léi le feiceáil in IMMA
Léirmheas ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta »