Sliocht as Sciorrann an t-am le hOrna Ní Choileáin (‘Quick Pick’) 14 May 2014 – Posted in: Gan chatagóir
An té a léifidh na scéalta in Sciorrann an tAm, aithneoidh siad na tréithe seo sna horlaí sa scríbhneoireacht agus chun blaiseadh a thabhairt daoibh ar a bhfuil sa chnuasach iontach seo tugaimid sliocht anseo thíos as ceann de na scéalta. Ní loitfimid an scéal oraibh tríd an iomlán a thabhairt – is gá an leabhar a cheannach chun é sin a fháil amach …
Quick Pick
‘Emmet?’
D’ardaigh Emmet a chloigeann agus d’fhéach go leamh ar an té a bhí ag cur caint air agus é i mbun urlár an mhionmhargaidh a scuabadh.
‘Emmet! Shíl mé gur tú a bhí ann!’ arsa an bhean óg.
Sheas Emmet suas díreach, réitigh na spéaclaí ar a shrón agus d’fhéach sé go grinn uirthi. Bean sheang dhea-chumtha a bhí os a chomhair amach, cóta lánfhada a raibh bóna fionnaidh air á chaitheamh aici. An raibh aithne aige uirthi? Arbh í seo Saoirse? Nó Fionnuala? Éimear, b’fhéidir? Cárbh as di fiú?
‘Aoife! Ó Mheánscoil Chaoimhín!’ ar sí, agus aoibh an gháire uirthi go fóill. ‘Bhíomar sa rang Fisice le chéile!’
Ní raibh aon chuimhne ag Emmet ar Aoife ar bith a bheith sa rang fisice leis. Ní nach ionadh nuair a bhí a chloigeann sáite i gcónaí i gcúrsaí ríomhaireachta agus anailíse. Bhí cuimhne ag an gcailín dathúil seo air siúd áfach. Chlaon sé ar an scuab agus rinne lagiarracht meangadh beag gáire a chur ar a aghaidh. Níor theastaigh uaidh ligean air féin go raibh dearmad glan déanta aige uirthi.
‘Aoife, ar ndóigh! Tá cuma dhifriúil ort – dath na gréine ort – agus dath do … do chuid gruaige níos … níos gile ná mar a bhí sí, sílim?’
‘Tá! Mar táim díreach tar éis filleadh ó Lake Tahoe! Ag obair go páirtaimseartha mar gharda tarrthála a bhí mé ann. Áit aoibhinn ar fad is ea é – an ghrian ag scoilteadh na gcloch gach uile lá den tseachtain! Ag tabhairt aghaidh ar Thrá Bondi i gceann coicíse eile a bheidh mé. Tá an-sceitimíní orm faoi sin!’
‘Ní fheadar cad chuige ar tháinig tú ar ais chuig an dumpa seo in aon chor mar sin?’ arsa Emmet, pas beag searbhasach. Is amhlaidh a chuir dea-scéalta eachtraíochta dhaoine eile olc air.
Níor thóg Aoife aon cheann den leadrán a bhí air. ‘Oíche na n-iarscoláirí ar siúl an tseachtain seo chugainn gan amhras! An mbeidh tú ann? Samhlaigh – tá deich mbliana curtha dínn againn ó bhíomar ar scoil!’
‘Ní bhfuaireas cuireadh.’
Dhearg Aoife. Bhí a béal ar leathadh agus í ag lorg rud éigin le rá nuair a bhris seanbhean isteach orthu.
‘An mbeadh a fhios ag ceachtar agaibhse cá bhfuil an snasán troscáin? Táthar tar éis gach rud a athrú timpeall arís sa siopa. Ní féidir liom teacht ar rud ar bith.’
Chrom Emmet síos, d’aimsigh canna snasáin agus shín chuici é.
‘Buíochas,’ arsa an tseanbhean agus bhailigh sí léi síos an pasáiste. Dhírigh Emmet ar Aoife an athuair. Bhí sí fós ag bladar léi mar gheall ar oíche na n-iarscoláirí. ‘Beimid ag bualadh le chéile sa chathair le haghaidh
cúpla deoch. Seans nach raibh a fhios ag daoine go raibh tú fós timpeall na háite!’
‘Tháinig siad ortsa agus tú breis is ocht míle ciliméadar ón áit seo.’
Thug Aoife sracfhéachaint fhiosrach ar Emmet ach chuir sí meangadh ar a béal arís ar an bpointe.
‘Ócáid neamhfhoirmeálta atá i gceist,’ ar sí chomh gealgháireach is a bhí riamh. ‘Éist, cuardaigh m’ainm ar Facebook! Tá na sonraí ansin. Dé Céadaoin seo chugainn …’.
‘Tráthnóna Dé Céadaoin?’ arsa Emmet. ‘Ní bheidh mé saor. Beidh mé ag obair.’
‘D’fhéadfá teacht tar éis na hoibre. Ní thosóidh sé go dtí a seacht nó a hocht. Mar a dúirt mé – rud neamhfhoirmeálta atá ann.’
‘Beidh mé teannta san obair go dtí meán oíche.’
‘Go dtí meán oíche? Ach cá bhfuil tú ag obair?’
‘Anseo.’
‘Ach cá bhfuil … Ó!’
Chuir Aoife lámh lena béal. Bhí fáinne mór diamaint ar an lámh chéanna. D’amharc sí ar an scuab a bhí ina lámh i gcónaí ag Emmet. Leath a súile nuair a rith sé léi cad a bhí i gceist aige.
‘Anseo … sa siopa seo! Ó! Thuig mé gur ag ceannach na scuaibe sin a bhí tú! Ó, a Emmet. Bhí tusa ar an duine is fearr sa rang fisice. Shíl mé i gcónaí gur i saotharlann faoi rún daingean a bheifeá ag saothrú …’
Tháinig guth eile ar snámh chucu tríd an aer agus bhris isteach ar an gcomhrá. Bainisteoir an tsiopa a bhí ann agus í thar a bheith cantalach, mar ba ghnách léi.
‘A Emmet!’
‘Caithfidh mé filleadh ar an obair,’ arsa Emmet go drogallach le hAoife.
‘Ar ndóigh!’ arsa Aoife de ghuth íseal. Thug sí cúl d’Emmet agus lig uirthi go raibh sí ag déanamh mionscrúdú ar an réimse táirgí glantacháin a bhí ar fáil sa siopa.
‘A Emmet,’ arsa an bainisteoir an athuair. ‘Tá súil agam nach ag meilt ama ansin thiar a bhí tú! Bhíos do d’iarraidh. Nár chuala tú an dordánaí ag bualadh? Nó an mbeidh orm glaoire pearsanta a fháil duit?’
‘Ag cur comhairle ar chustaiméir a bhí mé,’ a d’fhreagair Emmet, agus an searbhas le cloisteáil ina ghlór i gcónaí. Bhí fuath aige don bhean seo agus a cumhrán nimhiúil.
‘Tá custaiméirí ag feitheamh ag barr an tsiopa,’ ar sí. ‘Ar mhiste leat dul i bhfeighil an scipéid seachas a bheith ag crochadh thart anseo?’
Gheit croí Emmet. Ní raibh sé ag súil go n-iarrfadh sí é seo air go fóill. Ardú céime ab ea é bheith ag glacadh le hairgead sa siopa, rud a raibh sé ag feitheamh leis ón gcéad lá. Ghread sé leis go barr an tsiopa.
Sheas an bainisteoir taobh thiar de agus Emmet ag déileáil leis an gcéad bhuíon custaiméirí. Ba bheag comhairle a bhí uaidh chun tabhairt faoin gcúram. Bhí cur amach aige cheana féin ar fheidhmiú an scipéid airgid. Bhí sé ag obair leis gan dua.
Shroich Aoife barr na scuaine agus Emmet a bhí ag freastal uirthi. Seampú an t-aon earra a bhí aici ina ciseán.
‘Agus Lató na hoíche anocht,’ ar sí.
‘Déanfaidh mise é sin,’ arsa an bainisteoir.
‘Ní gá,’ arsa Emmet. ‘Tá a fhios agam conas é a dhéanamh. An bhfuil na
huimhreacha ullamh agat, a Aoife?’
‘Déanfaidh an Quick Pick cúis,’ a d’fhreagair sí.
‘Agus an Plus?’
‘Agus an Plus.’
Chas Emmet chun an mheaisín in aice leis. Gléas bunúsach a bhí ann. An ceann céanna a bhí sa siopa le deich mbliana anuas ar a laghad. Scáileán tadhaill a bhí air. Ní raibh le déanamh aige ach an cineál Lató a bhí ag teastáil a roghnú – gnáth-Lató oíche Shathairn a bhí i gceist ag Aoife – an cnaipe Quick Pick a bhrú agus ar an gcéad taispeáint eile an Plus a bhrú.
‘Ceithre euro don Lató agus trí caoga don seampú. Sin seacht caoga ar fad,’ arsa Emmet. Thug sé an ticéad d’Aoife agus shín sí chuige nóta airgid…
Is féidir an chuid eile den scéal seo agus na gearrscéalta eile sa chnuasach Sciorrann an tAm a léamh ach é a cheannach i gcóip chrua nó i bhfoirm ríomhleabhair.
(gach cóipcheart @ Orna Ní Choileáin, 2014)